Cáilíocht Sonraí
Bhí cáilíocht na sonraí atá againn do chláraithe agus a fhoilsímid ar ár mbunachar sonraí WHOIS a chinntiú mar phríomhthosaíocht ag EURid ó laethanta tosaigh fhearann barrleibhéil .eu.
Tá sonraí atá cruinn agus cothrom le dáta a sholáthar ag éirí níos tábhachtaí mar uirlis chun úsáid chalaoiseach ainmneacha fearainn a chomhrac.
Creidimid gur féidir leis na gníomhaíochtaí agus leis na tionscadail a bhfuil cur síos orthu thíos a bheith rathúil má bhíonn tacaíocht iomlán acu ónár gcláraitheoirí agus ónár gcláraithe. Má oibrímid in éineacht leo, leanfaimid de bheith ag cur feabhais ar ár gcáilíocht sonraí agus beidh ainmspás .eu iontaofa agus sábháilte.
D’aon amharc
Cáilíocht WHOIS
Leanann EURid de bheith ag cur feabhais ar shonraí gréasánbhunaithe WHOIS chun comhlíonadh a gcuid oibleagáidí conarthacha ag cláraitheoirí a chur chun cinn. Is é sin an fáth ar thosaíomar tionscadal cáilíochta WHOIS chun ár n-áis chuardaigh WHOIS a sheiceáil agus aon earráidí a d’fhéadfadh a bheith ann a dheisiú.
Tá sonraí gréasánbhunaithe WHOIS (lena n-áirítear eolas faon sealbhóir ainm fearainn agus faoi na freastalaithe ainmneacha a bhaineann le gach ainm fearainn) úsáideach agus éigeantach chun críocha éagsúla. Ina measc sin tá fiosruithe ó údaráis um chosaint tomhaltóirí agus ó údaráis eile um fhorfheidhmiú an dlí, foinse ríomhphost turscair a aithint, forbairt a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí um chearta maoine intleachtúla a chosaint, agus dul i ngleic le cibirionsaithe, chomh maith le ceisteanna teicniúla maidir leis an líonra a réiteach.
APEWS
Modheolaíocht nuálach a bhfuil duaiseanna buaite aige is ea an Córas um Mí-úsáid a Chosc agus Réamhrabhadh a thabhairt agus tá sé bunaithe ar phatrúin a bhaineann le clárú ainmneacha fearainn a mheas. Déanann sé an baol go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as ainm fearainn a thuar.
Má aithníonn an córas go bhféadfadh ainm fearainn cláraithe a bheith nasctha le mí-úsáid, cuirfear moill ar a tharmligean chuig an gcomhad creasa .eu agus déanfar a stádas sa WHOIS gréasánbhunaithe a thaispeáint mar “Server Hold” (Coinnithe ag Freastalaí). Tá an t-ainm fearainn cláraithe; mar sin féin, ní fheidhmeoidh seirbhís ar bith atá nasctha leis (amhail suíomh gréasáin, ríomhphost, nó seirbhís ar bith eile) nó go mbeidh ár nós imeachta fíoraithe curtha i gcrích.
Déanann EURid athbhreithniú de láimh ar hainmneacha fearainn go léir a bhfuil moill curtha ar a dtarmligean mar thoradh ar an gcóras APEWS. Sa chás sin, beidh ar shealbhóir an ainm fearainn a sonraí clárúcháin a dheimhniú agus fianaise air sin a chur isteach tríd an tairseach slán https://my.eurid.eu, atá cruthaithe ag EURid dá shealbhóirí ainmneacha fearainn. Mar thoradh ar an bpróiseas athbhreithnithe, d’fhéadfaí an t-ainm fearainn a tharmligean chuig comhad creasa .eu nó é a chur ar fionraí. Má dhéantar an t-ainm fearainn a tharmligean, beidh sé gníomhach agus feidhmiúil. Má chuirtear an t-ainm fearainn ar fionraí, (agus má dhéantar é a tharraingt siar ina dhiaidh sin), ní bheidh sé gníomhach ná feidhmiúil. Cuirfear an t-ainm fearainn ar fáil i gcomhair clárúcháin arís ar bhealach tráthúil ina dhiaidh sin.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi APEWS, féach ar na foilseacháin eolaíochta seo a leanas (ar fáil i mBéarla amháin):
- Detection of Algorithmically Generated Domain Names used by Botnets: A Dual Arms Race.
- Exploring the Ecosystem of Malicious Domain Registrations in the .eu TLD
- Assessing the Effectiveness of Domain Blacklisting Against Malicious DNS Registrations.
- An Operational Solution for DNS Registries to Prevent Malicious Domain Registrations
Má tá aon cheisteanna agat maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag EURid, féach go cúramach ar ár bPolasaí Príobháideachta
An tionscadal um Aithne a chur ar do Chustaiméir
Is é an cuspóir atá againn maidir le feidhmiú an tionscadail um Aithne a chur ar do Chustaiméir ná go mbeadh ar chumas sealbhóirí ainmneacha fearainn ón Aontas Eorpach agus ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a gcuid sonraí clárúcháin a dheimhniú ar bhealach uathoibrithe agus úsáid á baint acu as ceann de na modhanna atá ar fáil i dtairseach https://my.eurid.eu de chuid EURid. Tá cur síos níos mionsonraithe thíos ar na modhanna atá ar fáil faoi láthair. Cuireann an tseirbhís sin dlús leis an bpróiseas a bhaineann le sonraí clárúcháin a fhíorú agus laghdaíonn sí an t-ualach riaracháin atá ar shealbhóirí ainmneacha fearainn.
Fíorú trí chárta aitheantais leictreonach (eID)
Má tá cárta aitheantais leictreonach agat a d’eisigh Ballstát Eorpach, is féidir leat do shonraí clárúcháin a dheimhniú le eIDAS.
Tá fás tapa ag teacht ar chártaí aitheantais leictreonacha mar chártaí aitheantais caighdeánacha laistigh den Aontas Eorpach, a bhuíochas do eIDAS, a chinntíonn gur féidir le daoine agus gnólachtaí a n-aitheantas náisiúnta leictreonach (eIDanna) féin a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne ar fud Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
Leanfaimid de bheith ag comhtháthú scéimeanna aitheantais leictreonaigh nua ó Bhallstáit eile, a bhfuil leibhéil ráthaíochta atá leordhóthanach acu, inár gcórais.
Fíorú trí scanadh MRZ agus SMS
I gcás sealbhóirí ainmneacha fearainn a bhfuil fón póca agus doiciméad aitheantais acu le Crios Meaisín-inléite ó cheann de bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó ón Íoslainn, Lichtinstéin nó an Iorua.
Tá Crios Meaisín-inléite (MRZ) i bhformhór na ndoiciméad aitheantais nó taistil ina bhfuil eolas ionchódaithe a bhaineann le sonraí pearsanta (amhail ainm iomlán, tír shaoránachta, agus uimhir an doiciméid). I dtús báire, cuireann an sealbhóir ainm fearainn a uimhir nó a huimhir fóin póca isteach agus faigheann sé nó sí teachtaireacht téacs ina bhfuil nasc uathúil. Osclaíonn an nasc sin feidhmchlár nuafhorbartha a threoraíonn an sealbhóir ainm fearainn tríd an bpróiseas chun an Crios Meaisín-inléite ina ndéantar a dhoiciméad nó a doiciméad aitheantais a scanadh. Ní fhágann aon sonraí an fón póca nó go mbeidh siad deimhnithe ag an úsáideoir. Tacaítear leis modh fíoraithe sin i ngach ceann den 24 teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.
Fíorú trí aistrithe bainc
Do shealbhóirí ainmneacha fearainn a bhfuil cuntas bainc bailí acu atá cláraithe chuig an duine agus an seoladh céanna leis an ainm fearainn i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, san Íoslainn i Lichtinstéin nó san Iorua.
Is féidir le sealbhóirí ainmneacha fearainn atá ag iarraidh Ráiteas Sealbhaíochta a fháil a sonraí clárúcháin a dheimhniú má aistríonn siad suim bheag (níos lú aon EUR) go díreach chun cuntas bainc EURid. Is gá go mbeadh cód sé dhigit san aistriú bainc, a thaispeántar nuair a roghnaítear an modh sin ar thairseach my.eurid.eu. A luaithe agus a fhaightear an íocaíocht, cuirfidh EURid an t-ainm agus an seoladh ó shealbhóir an chuntais bainc le heolas shealbhóir an ainm fearainn. Má mheaitseálann an t-eolas, eiseofar an Ráiteas Sealbhaíochta go huathoibríoch.
Beidh sé de rogha anois ag sealbhóirí ainmneacha fearainn a sonraí clárúcháin a dheimhniú trí íocaíocht bheag bhainc (níos lú na aon EUR) a fháil ó EURid. Tá an modh fíoraithe seo ar fáil do na sealbhóirí ainmneacha fearainn go léir a bhfuil cuntas bainc acu in EUR a osclaíodh i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, sa Íoslainn, i Lichtinstéin, nó san Iorua. Déanfaidh EURid íocaíocht bheag, lena n-áirítear cód sé dhigit. Nuair a bheidh an íocaíocht sin faighte, logálfaidh sealbhóir an ainm fearainn isteach ar my.eurid.eu agus cuirfidh sé isteach an cód chun a shonraí clárúcháin a dheimhniú.
Mar mhalairt air sin, is féidir le cláraithe cárta creidmheasa a úsáid chun a sonraí clárúcháin a dheimhniú. Coinneoidh EURid 0.02 EUR ar an gcárta, agus déantar é a fhuascailt ag deireadh an idirbhirt. Ní táille é – ní dhéantar an cárta a bhilleáil.
Próiseas trí chéim
I gcás sealbhóirí ainmneacha fearainn a n-éilítear orthu a sonraí clárúcháin a fhíorú ar na modhanna a leagtar amach thuas, tá 3, 7, nó 14 lá acu chun sin a dhéanamh, ag brath ar na cúinsí a bhaineann leis an iarraidh ar fhíorú.
1. Ar an gcéad dul síos, iarrfar ar shealbhóirí ainmneacha fearainn na sonraí clárúcháin dá gcuid atá nasctha lena n-ainm(neacha) fearainn a dheimhniú. Is féidir leo é sin a dhéanamh ar a gcuntas My.eu ach cód rochtana a iarraidh ar https://my.eurid.eu agus beidh sé bailí ar feadh dhá uair an chloig. Is féidir le daoine príobháideacha an próiseas fíoraithe a chur i gcrích freisin mar ionadaí ar son cuideachta nó cumainn.
2. A luaithe agus atá an sealbhóir ainm fearainn logáilte isteach ar thairseach https://my.eurid.eu, féadfaidh sé/sí rogha a dhéanamh idir na modhanna atá ar fáil chun a s(h)onraí clárúcháin a fhíorú
3. Má tá an fhianaise a chuireann an sealbhóir díreach mar a chéile leis na sonraí clárúcháin, déanfar an t-ainm fearainn a ghníomhachtú. Mura meaitseálann an fhianaise na sonraí clárúcháin, déanfaidh EURid fíorú de láimh.