Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Beartas Príobháideachta

Measann EURid go bhfuil cosaint do phríobháideachta an-tábhachtach. Inár mBeartas Príobháideachta, is mian linn a léiriú cad iad na sonraí pearsanta fút féin a ndéanaimid próiseáil orthu, agus i dtaobh cén fáth go ndéanaimid, agus cá fhad a mhaireann, an phróiseáil sin agus conas is féidir leat do chearta a fheidhmiú chun é a bhainistiú.

Tá freagracht ar EURid i ndáil le próiseáil a dhéanamh ar do shonraí pearsanta.

Iarrtar ort ár mBeartas Príobháideachta, agus ár gcuid Téarmaí agus Coinníollacha ginearálta, a léamh go cúramach chun tuiscint mhaith a fháil ar conas a chosnaímid do shonraí pearsanta.

An mbaineann an beartas príobháideachta seo leatsa?

Baineann an beartas príobháideachta leat má rinne tú teagmháil linn mar shealbhóir aonair ainm fearainn a cláraíodh faoin bhFearann Barrleibhéil .eu nó leaganacha féideartha .eu i scripteanna eile (ina dhiaidh seo an ‘tAinm Fearainn’), mar dhuine atá ag obair thar ceann páirtí a bhfuil caidreamh conartha againn leis, nó mar chuairteoir ar ár n-áitreabh nó ar ár láithreáin ghréasáin nó ar bhealaí eile (trí ríomhphost nó, leis an teileafón, trí fhreastal a dhéanamh ar imeacht dár gcuid, etc.).

Féadfar do shonraí pearsanta a bhailiú ar na modhanna seo a leanas: trí na próisis um chlárúchán Ainmneacha Fearainn trínár líonra de chláraitheoirí creidiúnaithe; trí logáil isteach ar my.eurid.eu agus bailíocht do chlárúcháin a fhíorú ; le ríomhphost; trí fhreastal ar ócáid; trí fhianáin nó teicneolaíochtaí eile a rianaíonn cuairteoirí ar ár suíomhanna gréasáin a úsáid; trí chumarsáid ó sholáthraithe nó ó chomhpháirtithe; trí theistiméireacht; trí uirlisí rialaithe rochtana nó trí fhoirm a chomhlánú ar ár suíomhanna gréasáin; nó ar bhealach ar bith eile. Ó am go chéile, d’fhéadfadh sé tarlú freisin go mbaileoimid sonraí pearsanta má tá ainm fearainn (seachas Ainm Fearainn) cláraithe agat le clárlann eile trí chláraitheoir a chuireann do chuid sonraí pearsanta isteach i gcóras clárúcháin s’againne.

Cad iad na sonraí pearsanta fút a ndéanaimid próiseáil orthu?

Is ionann sonraí pearsanta agus aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta agus ar faisnéis í (i) a sholáthraíonn tú dúinn go saorálach (e.g. trínár gcuid foirmeacha ar líne ar ár láithreán gréasáin, teistiméireachtaí etc), (ii) a bhailímid nuair a thugann tú cuairt ar ár n-áitreabh, ar imeachtaí dár gcuid nó ar ár láithreá(i)n g(h)réasáin nó trí rochtain a fhaigheann tú ar ár dtáirgí nó seirbhísí nó tríd an úsáid a bhaineann tú astu (mar shampla, trí logáil isteach chuig my.eurid.eu).

I gcomhthéacs ár ngníomhaíochtaí gnó, agus chun seirbhís mhaith a chur ar fáil duit agus chun ár gcuid seirbhísí a fheabhsú nuair is féidir, féadfaimid na sonraí pearsanta seo a leanas fút a phróiseáil: d’ainm(neacha) fearainn, d’ailias aitheantais uathúil, do chéad ainm, do dhara hainm agus do shloinne, do sheoladh (cláraithe), d’uimhir (d’uimhreacha) fóin, do sheoladh(sheoltaí) ríomhphoist, do roghanna teanga, an eagraíocht a n-oibríonn tú di, an tír a bhfuil tú i do shaoránach dá cuid, uimhir chlárúcháin do doiciméid aitheantais, dáta éaga do dhoiciméid aitheantais, an bardas a d’eisigh do dhoiciméad aitheantas, uimhir do chuntais bainc, [do dháta breithe], [d’inscne], [do stádas speisialta], do sheoladh IP, agus aon sonraí pearsanta eile is féidir leat a sholáthar dúinn.

Bailímid do shonraí pearsanta ón gcuideachta ar tríthi a chláraíonn tú d’Ainm (d’Ainmneacha) Fearainn. D’fhéadfadh sé, maidir leis an gcuideachta sin, gur ceann dár gcláraitheoirí cláraithe ínó gur ceann dá hathdhíoltóirí í a bhailíonn do shonraí pearsanta thar ceann EURid.

Cad iad na críocha ar chucu a phróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Déanaimid próiseáil ar do shonraí pearsanta chun críoch éagsúil:

Chun bheith in ann na seirbhísí is fearr agus is féidir a thairiscint le haghaidh d’Ainm Fearainn, ní mór dúinn roinnt sonraí pearsanta ábhartha a bhailiú i ndáil le do chlárúchán. Ligeann sé sin dúinn freisin tú a aithint agus teagmháil a dhéanamh leat go díreach i ndáil le clárúchán d’ Ainm Fearainn, más gá sin agus nuair is gá sin.

Tá sé de cheangal orainn bunachar sonraí iomlán cruinn de na hAinmneacha Fearainn  cláraithe go léir a choimeád. Is é is cuspóir don tsaoráid chuardaigh WHOIS (https://whois.eurid.eu/ga/) ná faisnéis chruinn, agus í cothrom le dáta, a sholáthar faoi na daoine teagmhála a riarann na hAinmneacha Fearainn, ó thaobh cúrsaí teicniúla agus riaracháin de2. Cabhraíonn sé sin linn maidir le timpeallacht Idirlín, de chineál níos iontaofa agus níos sábháilte, a chruthú agus a choimeád ar bun. Ina theannta sin, féadfar do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha aitheantais chun bailíocht do chlárúcáin a fhíorú.

Bainimid úsáid as do shonraí pearsanta chun caidreamh fadtéarmach, inbhuanaithe a chothabháil agus a chruthú agus chun an conradh (na conarthaí) atá againn a fhorfheidhmiú. Bainimid úsáid as do shonraí pearsanta chun freagra a thabhairt ar do chuid fiosrúchán, chun freastal ar do chuid iarrataí, agus/nó chun faisnéis riaracháin a sheoladh chugat.

D’fhéadfadh sé go n-úsáidfear do shonraí pearsanta chun rialacháin infheidhme a chomhlíonadh, chun freagra a thabhairt ar iarrataí nó ar éilimh ó údaráis phoiblí agus ó údaráis rialtais (lena n-áirítear údaráis phoiblí agus údaráis rialtais lasmuigh de do thír chónaithe) nó chun ár gcearta, ár bpríobháideacht, ár sábháilteacht nó ár maoin, agus/nó cearta, príobháideacht, sábháilteacht nó maoin ár n-eintiteas, a chosaint.

D’fhéadfadh sé go mbainfimid úsáid as do shonraí pearsanta chun teachtaireachtaí bolscaireachta, ábhar margaíochta agus fógraíochta, agus faisnéis eile a bhféadfadh spéis a bheith agat inti a sheoladh chugat.

Cén bunús dlí atá againn chun do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Tá forais éagsúla dlí ann ar dá réir a fhéadfaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil:

  • Tá forais éagsúla dlí ann ar dá réir a fhéadfaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil mar seo a leanas:
  • D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le próiseáil ar mhaithe lenár n-oibleagáidí mar chlárlann nó mar rialaitheoir sonraí a chomhlíonadh.
  • Tá gá leis an bpróiseáil chun ár leasanna dlisteanacha a chosaint, amhail: leasanna eacnamaíochta, tráchtála agus airgeadais, leanúnachas gnó, slándáil agus rúndacht faisnéise custaiméara agus táirgí, agus slándáil an bhonneagair dhigitigh agus an bhonneagair fhisiciúil.
  • I gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfaí ár ngníomhaíochtaí próiseála a reáchtáil le toiliú uaitse.

Cé leis a roinnimid do shonraí pearsanta?

Ní dhíolaimid do shonraí pearsanta riamh le haon duine. A mhéid a cheadaítear leis an dlí infheidhme, féadtar do shonraí pearsanta a nochtadh do na páirtithe seo a leanas:

Eintitis EURid: Mar chuid de na gníomhaíochtaí próiseála chun na gcríoch thuasluaite, féadfar sonraí pearsanta a nochtadh d’eintitis eile de chuid EURid.

An Coimisiún Eorpach agus institiúidí nó gníomhaireachtaí gaolmhara: Tá EURid ceaptha ag an gCoimisiún Eorpach mar bhainisteoir clárlainne .eu ccTLD agus leaganacha féideartha .eu i scripteanna eile. D’fhéadfadh sé go roinnfimid do shonraí pearsanta leis an gCoimisiún Eorpach nó le haon institiúid nó gníomhaireacht ghaolmhar.

Soláthraithe eascró agus stórála: Chun ár leanúnachas gnó a ráthú, ní mór dúinn na sonraí clárúcháin go léir, lena n-áirítear do chuid sonraí pearsanta, a stóráil agus a chur i gcúltaca. Maidir le heascró, stóráil agus cúltaca i ndáil leis na sonraí pearsanta go léir, bímid ag brath ar sholáthraithe atá lonnaithe san Aontas Eorpach.

Tríú páirtithe: D’fhéadfadh sé go ndéanfar do shonraí pearsanta a nochtadh, ar chúiseanna dlisteanacha, do thríú páirtithe, amhail údaráis rialtais.

Institiúidí taighde: D’fhéadfadh sé go roinnfimid do shonraí pearsanta le hinstitiúidí ar mhaithe le cúrsaí taighde (de chineál staitistiúil nó eolaíochta). Déanaimid ár ndícheall chun a chinntiú go bhfuil bearta cuí, de chineál teicniúil agus eagraíochtúil, i bhfeidhm chun do shonraí pearsanta a choimirciú.

Soláthraithe seirbhísí fíoraithe aitheantais nó coiscthe drochúsáide: Chun cosc a chur ar chlárú drochúsáideach a thíolacann sonraí clárúcháin neamhaitheanta, míchearta nó as dáta, d’fhéadfadh sé go n-úsáidfimid soláthraithe seirbhíse tríú páirtí chun na sonraí clárúcháin a thíolaic tú a fhíorú.

Iniúchóirí: Chun a chinntiú go ndéantar ár gcuid oibríochtaí gnó a mheas i gceart, d’fhéadfadh sé gur gá rochtain a thabhairt d’iniúchóirí ar do shonraí pearsanta.

Soláthraithe deisce cabhrach tacaíochta: Chun tacaíocht leanúnach a thabhairt duit, d’fhéadfadh sé go bhfostóimid tríú páirtithe mar sholáthraithe deisce cabhrach. Chun tacaíocht dhóthanach a thabhairt duit, d’fhéadfadh sé go mbeidh rochtain ag soláthraithe den sórt sin ar do shonraí pearsanta.

Nuair a roinnimid do shonraí pearsanta le páirtithe eile, féachaimid le treoir a thabhairt do na faighteoirí, aon áit is féidir sin a dhéanamh, próiseáil a dhéanamh ar do shonraí pearsanta de réir ár gcuid treoracha.

Cad iad na cearta atá agat i ndáil le do shonraí pearsanta?

Mura meastar go bhfuil d’iarraidh iomarcach nó gan bhunús, féadfaidh tú na cearta seo a leanas a fheidhmiú i ndáil le do shonraí pearsanta:

  • Tá an ceart agat faisnéis a bhaineann le do shonraí pearsanta a iarraidh;
  • Tá an ceart agat cóip de do chuid sonraí go léir a iarraidh i bhformáid chaighdeánach;
  • Tá an ceart agat do shonraí pearsanta a mhodhnú nó a cheartú má tá na sonraí sin mícheart;
  • Tá an ceart agat a iarraidh go gcuirfear srian ar ghníomhaíochtaí próiseála áirithe in imthosca áirithe;
  • Tá an ceart agat cur i gcoinne gníomhaíochtaí próiseála áirithe;
  • Tá an ceart agat do thoiliú a tharraingt siar;
  • Tá an ceart agat a chur faoi deara go ndéanfar do shonraí pearsanta a scriosadh in imthosca áirithe;
  • Is féidir leat aon cheann de do chearta a fheidhmiú go héasca trínár bhfoirm ar líne a chomhlánú agus a thíolacadh.

Forchoimeádaimid an ceart chun táille réasúnach a ghearradh, dár rogha féin, i gcás ina meastar go bhfuil d’iarraidh iomarcach.

De bhreis air sin, tá an ceart agat gearán a chomhdú le d’údarás maoirseachta áitiúil má tá tú den tuairim nach bhfuil an phróiseáil atá déanta againn ar do shonraí pearsanta i gcomhréir leis an reachtaíocht infheidhme.

Má tá Ainm Fearainn agat, iarrtar ort cabhrú linn an tIdirlíon a choimeád sábháilte trína chinntiú go bhfuil do shonraí pearsanta cruinn, iomlán agus cothrom le dáta gach tráth. Tugaimid cumhacht duit rialú a fháil ar do shonraí pearsanta agus na sonraí sin a fhíorú ag: https://my.eurid.eu/ga/auth/login/.

Is féidir leat ceist a chur orainn i gcónaí faoi do shonraí pearsanta trí theachtaireacht ríomhphoist a chur chuig [email protected].

Cá gcoinnímid do shonraí pearsanta agus cá fhad a choinnítear iad?

Déantar do shonraí pearsanta a stóráil go leictreonach agus de láimh, go hinmheánach agus ag tríú páirtithe, inár n-ionaid sonraí san Aontas Eorpach, agus is féidir rochtain a fháil orthu ónár gcuid oifigí trí shaincheangail líonra nó go cianda trí cheangal VPN barántúil.

Stórálaimid do shonraí pearsanta i bhfoirm lena gceadaítear aithint agus stóráiltear iad ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch ar chucu a phróiseáiltear do shonraí. Tá difríochtaí ann maidir le tréimhsí coinneála den sórt sin, agus sin ag brath ar an gcineál sonraí pearsanta a phróiseáiltear, ar chuspóir na próiseála agus ar nithe eile den sórt sin.

I do cháil mar shealbhóir Ainm Fearainn, coinníonn  muid do shonraí pearsanta ar feadh deich (10) mbliana tar éis a thagann siad neamhábhartha3.

I gcás ina mbeidh ainm fearainn (seachas Ainm Fearainn) cláraithe agat le clárlann eile trí chláraitheoir a chuireann do chuid sonraí pearsanta isteach i gcóras clárúcháin s’againne, coinnítear do shonraí pearsanta inár gcórais aon (1) bhliain dá éis na clárúcháin.

Déantar sonraí pearsanta daoine aonair a bhailímid lasmuigh de scóip conartha i gcomhthéacs ár ngníomhaíochtaí gnó a choinneáil go dtí go dtagann siad neamhábhartha agus déantar amhlaidh, i bprionsabal, tar éis aon (1) bhliain.

Cé na bearta slándála a dhéantar chun do shonraí pearsanta a choimirciú?

Déantar ár gcuid beart slándála a chur chun feidhme agus a uasdátú go leanúnach chun cabhair a thabhairt maidir le do shonraí pearsanta agus faisnéis eile a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, cailleadh, scriosadh nó athrú. Déanaimid ár ndícheall chun a chinntiú go stóráiltear an fhaisnéis go léir ar mhodh sábháilte agus cuirimid de cheangal ar ár soláthraithe seirbhíse bearta dóthanacha slándála a chur i bhfeidhm.

Fianáin agus teicneolaíochtaí rianaithe eile

Nuair a thugann tú cuairt ar ár láithreáin ghréasáin, d’fhéadfadh sé go stórálfaimid faisnéis áirithe ar do chuid feistí i bhfoirm fianáin. Iarraimid ort ár mbeartas maidir le fianáin a léamh go cúramach chun tuiscint mhaith a fháil ar an tslí ina ndéanaimid fianáin a chur i bhfeidhm nó a úsáid.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LINN

Má tá aon cheisteanna agat faoin mbeartas príobháideachta seo, nó más mian leat aon cheann de do chearta thuasluaite a fheidhmiú, déan teagmháil, le do thoil, lenár nOifig Phríobháideachta trí [email protected].


1 Is féidir liosta iomlán na gcláraitheoirí creidiúnaithe .eu a aimsiú ag https://eurid.eu/ga/find-a-registrar/

2 Airteagal 12, RIALACHÁN (AE) 2019/517 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 19 Márta 2019

3 Airt. 2262 bis de Chód Sibhialta na Beilge.