Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Inrochtaineacht

Ráiteas Inrochtaineachta

Tá EURid tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach do dhaoine atá faoi mhíchumas. Tá eispéireas an úsáideora á fheabhsú go leanúnach againn do gach duine agus tá na caighdeáin inrochtaineachta chuí á gcur i bhfeidhm againn.

Bearta chun tacú le hinrochtaineacht

Tá na bearta seo a leanas á ndéanamh chun inrochtaineacht eurid.eu a chinntiú.

  • Inrochtaineacht suímh gréasáin á feabhsú go leanúnach i ndiaidh iniúchtaí bliantúla (lena n-áirítear tástáil ag daoine lagamhairc);
  • Oiliúint maidir le hinrochtaineacht a sholáthar dár bhfoireann.

Stádas comhréireachta

Sainmhínítear sna Treoirlínte um Inrochtaineacht ar Ábhar Gréasáin (WCAG) na riachtanais do dhearthóirí agus d’fhorbróirí chun inrochtaineacht a fheabhsú do dhaoine atá faoi mhíchumas. Déantar sainmhíniú ann ar thrí leibhéal comhréireachta: Leibhéal A, Leibhéal AA, agus Leibhéal AAA.

Ó mhí na Bealtaine 2021, tá eurid.eu i gcomhréir iomlán le WCAG 2.1 leibhéal AA. Ciallaíonn comhréir iomlán go bhfuil an t-ábhar i gcomhréir iomlán leis an gcaighdeán inrochtaineachta gan aon eisceacht.

Comhoiriúnacht do bhrabhsálaithe agus do shonraíocht teicneolaíochta cúnta

Braitheann inrochtaineacht eurid.eu ar na teicneolaíochtaí seo a leanas a bheith ag obair leis an gcumasc ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus aon teicneolaíochtaí cúnta nó aon bhreiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire.

• HTML • WAI-ARIA • CSS • JavaScript

Thaispeáin an t-iniúchadh go n-oibríonn an breisiú de WAVE Chrome / Firefox agus Uirlisí Forbróra um Inrochtaineacht Chrome go maith le hábhar an láithreáin gréasáin mar uirlisí inrochtaineachta (cé nach bhfuil an liosta seo iomlán), chomh maith leis na léitheoirí scáileáin seo a leanas: JAWS, NVDA, agus VoiceOver (nach bhfuil iomlán ach oiread).

Teorainneacha agus malairtí

In ainneoin ár ndíchill chun inrochtaineacht ár suíomh gréasáin a chinntiú, d’fhéadfadh roinnt teorainneacha a bheith i gceist leis. Déan teagmháil linn, le do thoil, má thugann tú fadhb nach bhfuil ar an liosta thíos faoi deara.

Cuardach WHOIS:

Is féidir leat ainmneacha fearainn ar an WHOIS gréasánbhunaithe a cheistiú, agus beidh ort cód captcha a chur isteach i ndiaidh cúpla ceist.

Soláthraíonn ár seirbhís captcha malairtí inrochtaineachta ionsuite a bhaineann le gníomhachtú fianán a sheachnaíonn an captcha. Ina theannta sin, is féidir le daoine lagamhairc ainm úsáideora agus pasfhocal tiomnaithe a iarraidh chun rochtain a fháil ar an mbunachar sonraí seo ach ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].

Leathanach staitisticí

Tá formhór na ngraf inrochtana ach d’fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair cuid acu a leanúint go hiomlán. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na sonraí, seol ríomhphost, le do thoil, chuig [email protected].

Cur chuige measúnaithe

Rinne EURid measúnú ar inrochtaineacht eurid.eu agus na modhanna seo a leanas in úsáid aige:

  • Measúnú seachtrach: rinne Master Internet, s.r.o; an t-iniúchadh deiridh i mí na Nollag 2020.
  • Féinmheasúnú; agus
  • Aiseolas ó úsáideoirí idirlín.

Aiseolas

Fáiltímid roimh do chuid aiseolais maidir le hinrochtaineacht eurid.eu. Má bhíonn aon bhaic inrochtaineachta agat, cuir é sin in iúl dúinn, le do thoil trí:

Cruthaíodh an ráiteas seo ar 15 Meitheamh 2021.