Scipeáil go dtí an príomhinneachar

GDPR

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR  2016/679) i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018. Chun an rialachán sin a chomhlíonadh, tá ár gcuid nósanna imeachta agus ár gcuid doiciméad oiriúnaithe againn.

Mar bhainisteoir clárlainne ar an iarmhír .eu agus a chuid athróg i scripteanna eile, oibrímid le cláraitheoirí ó áiteanna ar fud an domhain a thairgeann ár n-iarmhíreanna ainmneacha fearainn d’úsáideoirí deiridh. I gcomhthéacs clárúcháin, feidhmímid mar an ‘rialaitheoir’ (data controller)  i gcomhair sonraí clárúcháin na sealbhóirí ainmneacha fearainn. Déanann ár gcláraitheoirí na sonraí clárúcháin a bhaineann le sealbhóirí ainmneacha fearainn a phróiseáil ar ár son, agus dá bhrí sin is ‘próiseálaithe’ (data processor)  ar na sonraí sin iad.

Tugann an léaráid thíos léiriú don tsúil maidir leis an gcaoi a sreabhann sonraí sealbhóirí ainmneacha fearainn, agus maidir le ról an rialaitheora agus an phróiseálaí laistigh de chreat an GDPR.

Infographic on GDPR procedure

Ó seoladh an iarmhír .eu, táimid tar éis glacadh go dáiríre lenár ról mar rialaitheoir sonraí (data controller). Ar an gcúis sin, cloímid leis na bearta seo a leanas chun slándáil na sonraí pearsanta a ndéanaimid iad a phróiseáil a neartú:

  • Déanaimid sonraí pearsanta a stóráil i bhfreastalaithe atá suite i dtíortha de chuid an Aontais Eorpaigh;
  • Tá deimhniú ISO/IEC 27001 againn;
  • Tá deimhniú ISO 22301:2012 againn;
  • Déanaimid iniúchóireacht inmheánach ar bhonn rialta in aghaidh méadracht shainithe chun measúnú a dhéanamh ar an rath leanúnach atá ar chomhlíonadh cosaint sonraí ar fud ár n-eagraíochta;
  • Tá Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) ceaptha againn agus tá foireann phríobháideachta bunaithe againn.
  • Bainimid feidhm as r-phost slán chun cóipeanna de shonraí pearsanta a sholáthar do dhaoine is ábhar do na sonraí nuair a fhaightear iarratais ar rochtain ar shonraí;
  • Déanaimid measúnuithe tionchair i dtaca le cosaint sonraí ar bhonn córasach sna céimeanna tosaigh de thionscadail nó de phróisis nua ina bhfuil sonraí pearsanta i gceist;

Más duine aonair thú ar mian leat ainm fearainn a chlárú agus má tá imní ort maidir le hinfheictheacht do sheolta r-phoist phearsanta, cuir ceann feidhmiúil ar fáil ag am an chlárúcháin nach ndéanann tú a aithint go pearsanta. Más duine aonair thú atá i do shealbhóir ainm fearainn agus go bhfuil imní ort maidir le hinfheictheacht do sheolta r-phoist phearsanta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do chláraitheoir chun do shonraí clárúcháin a uasdátú. Tugann roinnt cláraitheoirí an rogha dá gcuid custaiméirí (cláraithe fearainn) seoladh ríomhphoist éagsúil a úsáid lena fhoilsiú ar an WHOIS gréasánbhunaithe. Tá an úsáid a bhaintear as seoladh ríomhphoist éagsúil faoi réir comhaontaithe idir tú féin agus do chláraitheoir. Mar rialaitheoir sonraí (data controller), táimid freagrach as freagairt go ceart agus go héifeachtach d’iarratais ó shealbhóirí ainmneacha fearainn chun rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta. Féadfaidh sealbhóirí rochtain ar a gcuid sonraí a iarraidh trínár bhfoirm Iarratais um Rochain ar Shonraí nó trína My .eu account.

I gcásanna ar leith, d'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh orainn sonraí pearsanta a bhaineann le sealbhóirí ainmneacha fearainn áirithe a sholáthar bunaithe ar leas dlisteanach ó thríú páirtí atá tar éis foirm um Shonraí Pearsanta a Nochtadh a chomhlánú agus a chur isteach Déanfar aon iarratas ar nochtadh a iniúchadh go cúramach sula gceadófar é. Seolfar aon fhaisnéis ina bhfuil cóip de shonraí pearsanta ar bhealach slán (criptithe). Déantar cur síos ar an bpróiseas sin ar bhealach níos mionsonraithe sa Bheartas Príobháideachta atá againn.

Tá cosaint do shonraí pearsanta á rialú ag ár mBeartas Príobháideachta Cuimsíonn na doiciméid seo a leanas ceanglais an RGCS:

Féadfaidh tú ainm fearainn .eu a chlárú mar dhuine aonair (nó ‘duine nádúrtha’) nó mar eagraíocht (eintiteas dlíthiúil). Sainmhínítear ‘duine nádúrtha’ mar dhuine aonair atá ag gníomhú gan stádas dlíthiúil ar leith, agus tuigtear de ghnáth gurb ionann ‘eagraíocht’ agus eintiteas dlíthiúil nó duine aonair atá ag gníomhú le stádas dlíthiúil nó pearsantacht ar leith. Is é do rogha féin é tú féin a aithint mar dhuine aonair nó mar eagraíocht, agus bíonn tionchar aige ar an méid eolais atá le feiceáil ar an WHOIS gréasánbhunaithe, mar a chuirtear in iúl thíos:

  • Tá an fhaisnéis a thaispeántar maidir le heintitis dhlíthiúla a bhfuil ainm fearainn ina seilbh acu teoranta dóibh seo a leanas:
  • Cuideachta
  • Cathair
  • Réigiún
  • Tír
  • Seoladh r-phoist
  • Teanga
  • Tá an fhaisnéis a thaispeántar maidir le daoine aonaracha a bhfuil ainm fearainn ina seilbh acu teoranta dóibh seo a leanas:
  • Seoladh r-phoist
  • Teanga

Is féidir le sealbhóirí ainmneacha fearainn féachaint ar a gcuid sonraí go léir trína My.eu account.

Má tá aon cheisteanna agat maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag EURid, déan teagmháil linn ag [email protected] nó [email protected].

Más cláraitheoir creidiúnaithe de chuid EURid tú, is féidir leat rochtain a fháil ar an mbealach a dtéann ár gcur chun feidhme i dtaca leis an GDPR i gcion ort tríd an eislíon cláraitheora.