Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Táillí agus Íocaíochtaí

Réamhíocaíocht

Nuair a fhaigheann tú creidiúnú, iarrfar ort réamhíocaíocht íosta 2 500 euro a dhéanamh. Tabhair do d’aire nach mór 2 500 euro a choinneáil i do chuntas chun ainmneacha fearainn .eu nó a chuid malairtí i scripteanna eile a chlárú agus a bhainistiú.

Chomh luath is a thosaíonn tú ag clárú ainmneacha fearainn, seolfaimid sonrasc míosúil chugat ag doiciméadú na gníomhaíochta don mhí roimhe sin. Nuair a íocfaidh tú an sonrasc, tabharfaidh sé sin iarmhéid do chuntais chláraitheora ar ais go dtí do bhunleibhéal réamhíocaíochta.

Iaríocaíocht

Más rud é

  • go bhfuil tú i do chláraitheoir creidiúnaithe le EURid le dhá bhliain anuas,
  • go bhfuil cuntas bainc Eorpach agat agus
  • go bhfuil tú faoi réir an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA),

 is féidir leat roghnú aistriú ó shocrúchán cuntais réamhíocaíochta go dtí socrúchán iaríocaíochta. Má úsáideann tú socrúchán bunaithe ar iaríocaíocht ní bheidh ort do shonrasc a íoc de láimh nó breis a chur le do chuntas gach mí chun an t-íosleibhéal íocaíochta a sheasamh mar go bhfaighfear an t-airgead sin ó do bhanc trí dhochar díreach.

Má shásaíonn tú na riachtanais thuasluaite, is féidir leat an t-athrú a dhéanamh ach ár bhfoirm shainordaithe ar líne a chur isteach ar registry .eu. Teastaíonn eolas maidir leis an IBAN agus BIC a bhaineann leis an gcuntas is mian leat a úsáid ar an bhfoirm shainordaithe chomh maith le roinnt eolais phearsanta.

Táillí beartaíochta

Baineann na táillí atá ar an liosta thíos le cláraitheoirí creidiúnaithe EURid amháin. Má tá tú ag smaoineamh ar ainm fearainn .eu .ею nó .ευ a chlárú nó más sealbhóir fearainn thú, déan teagmháil le do chláraitheoir chun eolas a fháil faoi na táillí a ghearrann siad ar chlárúchán agus ar bhearta eile.

 

Clárúchán

 

€4.25 don chéad bhliain den téarma clárúcháin

Athnuachan (gearrtha go bliantúil)

€4 sa bhliain i rith an téarma clárúcháin

Athghníomhachtú ó Choraintín

€4

Síneadh leis an téarma

€4 do gach bliain sínidh

Ainm fearainn a aistriú

€4.25

Ainm fearainn atá ar coraintín a aistriú

€4.25

Aistriú dlíthiúil

€4.25

Bulcaistriú punanna ainmneacha fearainn (íosmhuirear de €500)*

€0.25 in aghaidh gach ainm fearainn

Glasáil clárlainne

€ 10 sa bhliain in aghaidh gach ainm fearainn

*Saor in aisce i gcás táthcheangal iomlán agus foirceannadh an chuntais a tugadh