Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Rialacha um fhearainn

Léigh, le do thoil, na Téarmaí agus Coinníollacha maidir le hainmneacha fearainn faoi na hiarmhíreanna .eu, .ею (script Choireallach) nó .ευ (script Ghréagach) agus an Rialachán .eu (2019/517) lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán 733/2002 agus lena n-aisghairtear Rialachán 874/2004.

Critéir incháilitheachta

Féadfaidh ceann ar bith díobh seo a leanas clárúcháin ainm fearainn .eu a iarraidh:

  • Saoránach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, den Íoslainn, de Lichtinstéin nó, den Iorua, neamhspleách ar a n-áit chónaithe;
  • duine nádúrtha nach saoránach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, na hÍoslainne, Lichtinstéin, nó na hIorua é nó í, ach a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát den Chuid an Aontais Eorpaigh, san Íoslainn, i Lichtinstéin, nó san Iorua;
  • gnóthas atá bunaithe i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh san Íoslainn, i Lichtinstéin, nó san Iorua;
  • eagraíocht atá bunaithe i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh san Íoslainn, i Lichtinstéin, nó san Iorua; gan dochar d’fheidhmiú an dlí náisiúnta.

Infhaighteacht ainm fearainn

Sula ndéanann tú ainm fearainn a chlárú, féadfaidh tú seiceáil ar ár WHOIS gréasánbhunaithe féachaint an bhfuil an t-ainm fearainn a theastaíonn uait ar fáil. Tá ainm fearainn ar fáil le haghaidh clárúcháin ar an gcoinníoll:

  • nach bhfuil sé cláraithe cheana féin;
  • nach bhfuil sé in áirithe nó bactha nó go bhfuil eolas ag an gClárlann air mar ainm fearainn ‘neamh-inchláraithe’ i gcomhréir leis na Rialacha;
  • nach bhfuil sé mar chuid de Chuach Homaiglifí Oibríochtúil

Sonraí clárúcháin atá iomlán agus cruinn

Ní féidir d’ainm fearainn a chlárú ná a athnuachan ach amháin trí Chláraitheoir Creidiúnaithe.

Ní mheasfar go bhfuil clárúchán d’ainm fearainn comhlán ach amháin nuair a thugtar an t-eolas seo a leanas nuair a dhéantar an clárúchán: 

  • D’ainm iomlán nó ainm na heagraíochta a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta thar a ceann. Mura bhfuil ainm eagraíochta sonraithe, is tusa, mar dhuine aonair, sealbhóir an ainm fearainn. Má tá ainm eagraíochta sonraithe, is í an eagraíocht, mar eintiteas dlíthiúil, sealbhóir an ainm fearainn; 
  • Do sheoladh iomlán (nó seoladh na heagraíochta a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta thar a ceann) 
  • Léiriú ar do thír shaoránachta, má tá tú i do shaoránach de chuid an Aontais Eorpaigh, na hÍoslainne, Lichtinstéin, nó na hIorua ach nach bhfuil tú i do chónaí i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh, san Íoslainn, i Lichtinstéin, nó san Iorua; 
  • Do sheoladh ríomhphoist;
  • D’uimhir theileafóin ar féidir teagmháil a dhéanamh leat uirthi; 
  • An t-ainm fearainn a d’iarr tú; 
  • An teanga chumarsáide is rogha leat

Ní mór duit seoladh ríomhphoist atá ag feidhmiú a sholáthar chun cumarsáid a fháil uainne agus/nó ó sholáthraí ADR. Mura bhfuil an seoladh a sholáthraítear ag feidhmiú, tá sé de chead againn d’ainm fearainn a chúlghairm.

Má athraíonn do shonraí teagmhála, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le do chláraitheoir chun do chuid eolais a uasdátú láithreach. Ní féidir do shonraí clárúcháin a uasdátú go díreach linne.

Is féidir leat do shonraí clárúcháin a sheiceáil ag am ar bith ach logáil isteach ar my.eurid.eu.

Mí-úsáid a chosc

D’fhéadfadh sé go mbeadh clárúchán d’Ainm Fearainn faoi réir fhíorú do shonraí clárúcháin agus/nó faoi réir seiceálacha slándála sa bhreis ag am ar bith. D’fhéadfaí fíorú a iarraidh sula gcuirfear d’ainm fearainn san áireamh sa chrios .eu, .ею nó .ευ agus é ag feidhmiú nó ina dhiaidh sin. Léigh tuilleadh ar an leathanach tiomnaithe ina mínítear ár dtionscadal um Cháilíocht Sonraí agus um Aithne a Chur ar Do Chustaiméir.

Ina theannta sin, cuimhnigh ar na rialacha sin nuair atá cinneadh á dhéanamh agat faoin ainm fearainn ar mian leat é a chlárú:

Carachtair agus teaglaim ghlactha

Is é atá in ainmneacha fearainn clasaiceacha (Neamh IDN) ná:

  • Na carachtair a go dtí z
  • Na digití 0 go dtí 9
  • Fleiscín (-)
  • Ní féidir iad a chlárú ach amháin faoin iarmhír .eu
  • Ní féidir leis tosú ná críochnú le fleiscín (-)
  • Ní féidir fleiscín a bheith sa tríú agus sa cheathrú suíomh

Is é atá in ainmneacha fearainn IDN ná:

  • Na digití 0 go dtí 9
  • Fleiscín (-)
  • Carachtair Unicode ó scripteanna Coireallacha, Gréagacha, nó Laidineacha. Cliceáil anseo chun liosta iomlán de charachtair thacaithe a fháil
  • Ní féidir carachtair ó scripteanna éagsúla a chomhcheangal. Caithfidh na carachtair go léir den dara leibhéal (ie. an chuid roimh an iarmhír) teacht ó aon script amháin.  Beidh an iarmhír .eu ag na hainmneacha fearainn atá comhdhéanta de charachtair Laidineacha agus beidh an iarmhír .ею ag na hainmneacha fearainn atá comhdhéanta go hiomlán de charachtair Choireallacha agus beidh an iarmhír .ευ ag na hainmneacha fearainn atá comhdhéanta de charachtair Ghréagacha. Úsáidfear na digití 0 go dtí 9 agus an fleiscín le gach script Laidineach, Coireallach nó Gréagach
  • Ní féidir leis tosú ná críochnú le fleiscín (-)
  • Ní féidir fleiscín a bheith sa tríú (3) agus sa cheathrú (4) suíomh, murab iad ‘xn’ an chéad dá charachtar agus gur féidir an t-ainm fearainn a thiontú ina IDN bailí.

Ainmneacha fearainn atá uimhriúil go hiomlán:

  • Is iad na digití 0 go dtí 9 amháin atá iontu agus an fleiscín
  • Is féidir iad a chlárú faoi .eu chomh maith leis na hiarmhíreanna .ею nó  .ευ.

Fad ainm agus IDNanna

Ní mór do d'ainm a bheith ar a laghad dhá (2) charachtar ar fad (gan an iarmhír .eu san áireamh ná a chuid malairtí i scripteanna eile) i ndiaidh litreacha beaga a dhéanamh de cheannlitreacha agus iad a athfhormáidiú. Má theastaíonn uait IDN a chlárú cuir an riail seo i bhfeidhm sula dtiontaíonn tú d'ainm go teaghrán ACE. Meastar roinnt ainmneacha bheith fós róghearr cé go bhfuil dhá charachtar iontu. Seo de bharr gur féidir teaglamaí áirithe le dhá charachtar  a léiriú mar aon charachtar Unicode amháin freisin.

Ní féidir le d’ainm fearainn a bheith níos faide ná 63 carachtar (gan an iarmhír .eu san áireamh ná a chuid malairtí i scripteanna eile) i ndiaidh litreacha beaga a dhéanamh de cheannlitreacha agus normalú a bheith déanta agus tar éis d'ainm a thiontú ina teaghrán ACE.

Téarma (in-athnuaite) chlárúcháin d’Ainm Fearainn

Tosaíonn an téarma ar dháta clárúcháin d’ainm fearainn agus tá sé sa réimse ó aon (1) bhliain go deich (10) mbliana, mura gcomhaontaítear a mhalairt. Déantar an téarma a athnuachan go hintuigthe ar feadh tréimhsí leantacha de aon (1) bhliain. Téann ainmneacha fearainn a chláraítear ar an 29 Feabhra in éag i gcónaí ar an 28 Feabhra.

Ainmneacha bactha

I gcomhréir le Rialachán (AE 2019/517 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1862 ón gCoimisiún tá líon d’ainmneacha .eu, .ею agus .ευ bactha ag Ballstáit de chuid AE, nó ag an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin. D’fhéadfadh sé gur cuireadh bac orthu freisin mar go gcuimsíonn siad cóid Alpha 2 ISO, ar cóid dhá litir iad a aithnítear go hidirnáisiúnta chun tíortha agus críocha a shannadh.

Ciallaíonn sé sin nach féidir na hainmneacha fearainn sin a chlárú. Is féidir leat an liosta d’ainmneacha bactha a fheiceáil anseo.

Ainmneacha atá curtha in áirithe

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/517 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1862 ón gCoimisiún, tá líon ainmneacha fearainn .eu, .ею agus .ευ curtha in áirithe le húsáid ag Ballstáit AE, ag an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin, EURid nó Coimisiún an Aontais Eorpaigh.

Más mian le heagraíochtaí nó le daoine aonair ainm atá curtha in áirithe a chlárú, d’fhéadfadh an tÚdarás Clárúcháin Náisiúnta, faoi seach, smaoineamh, i gcúinsí eisceachtúla, ar an ainm atá in áirithe a ghníomhachtú thar ceann an iarratasóra. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an ngnás gníomhachtaithe d’ainmneacha atá in áirithe.