Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Cibearshlándáil

Tuigimid gur bloc tógála bunúsach dár ngnó an tslándáil faisnéise.

Chun seirbhísí slán ardchaighdeáin a sholáthar dár gcuid custaiméirí, inár n-oibríochtaí teicniúla agus inár bpróisis ghnó, tá roinnt seirbhísí um mí-úsáid a chosc curtha i bhfeidhm ag EURid agus tá caighdeán slándála ISO 27001 á leanúint aige.

Conas a dhéanaimid mí-úsáid a chomhrac

Tá príomhphrótacail slándála amhail DNSSEC curtha i bhfeidhm againn. Cuidíonn sé sin leis an mbaol a laghdú go dtreorófar cuairteoirí chuig suímh ghréasáin bhréige agus go mbuailfear bob orthu chun faisnéis phearsanta a chur ar fáil má chuireann siad seoladh gréasáin cosanta isteach ina mbrabhsálaí.

Cuireann Seirbhísí Glasála cosaint bhreise ar fáil do na hainmneacha fearainn a bhfuil siad cumasaithe ina leith. Is féidir an tseirbhís seo a úsáid chun leibhéal sábháilteachta níos fearr a sholáthar d’ainmneacha fearainn, agus tá sé ceaptha chun an fhéidearthacht maidir le hathruithe, scrios agus aistriú neamhbheartaithe a laghdú.

D’fhorbraíomar DNSQuality Score, trínar féidir le cláraithe leibhéal cáilíochta a DNS a sheiceáil i gcomhair feidhmíocht ainm fearainn atá níos fearr agus níos sláine.

Déanaimid clárúcháin mhailíseacha a chomhrac freisin trí scagadh gníomhach a dhéanamh ar ainmneacha fearainn nuachláraithe (APEWS) agus oibrímid go dlúth le húdaráis um fheidhmiú an dlí (EUIPO, CAC, Ionad WIPO) chun cibearchoireacht a chomhrac.

Sa chomhthéacs a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, tá ár mbeartais agus ár nósanna imeachta ag teacht i gcónaí leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, a tugadh isteach ar an 25 Bealtaine 2018.

Maidir lenár ndeimhniú ISO27001

Sonraíonn caighdeán ISO/IEC 27001 na ceanglais i dtaca le córas bainistithe um shlándáil faisnéise a bhunú, a fheidhmiú, a choinneáil agus a fheabhsú go leanúnach laistigh de chomhthéacs na heagraíochta. Tá ceanglais maidir le measúnú agus láimhseáil a dhéanamh ar rioscaí slándála faisnéise atá curtha in oiriúint do riachtanais na heagraíochta san áireamh ann freisin.

Mar chuid den phróiseas deimhnithe, chuireamar Córas Bainistíocht um Shlándáil Faisnéise (ISMS) i bhfeidhm, bunaithe ar chaighdeán ISO/IEC 27001:2013. Tá sé mar chuspóir ag an ISMS rúndacht, sláine agus infhaighteacht na faisnéise a fhaighimid agus a dhéanaimid a phróiseáil agus a stóráil i dtimpeallacht EURid a chosaint. Leanann ISMS cur chuige atá bunaithe ar an riosca lena chinntiú gur féidir linn na caighdeáin seo a leanas a bhaint amach:

  • Rioscaí slándála faisnéise a aithint trí phróiseas measúnaithe riosca cuí;
  • Rialú a roghnú (beartais, caighdeáin, nósanna imeachta agus bearta teicniúla) chun na rioscaí aitheanta a laghdú go dtí leibhéal atá inghlactha;
  • An rialú a iniúchadh, a athbhreithniú agus a choinneáil ar bhonn rialta, agus iad a choinneáil cothrom le dáta chun déileáil leis na bagairtí agus na rioscaí atá ag teacht chun cinn. Déanaimid na rioscaí a bhaineann le slándáil faisnéise a mheas trí na ceanglais rúndachta, sláine agus infhaighteachta a bhaineann le sócmhainní faisnéise EURid a chur san áireamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chaighdeáin ISO agus ISO27001 go sonrach, féach http://www.iso.org.

Is é IS 599234 an uimhir theastais atá againn arna eisiúint ag BSI.