Scipeáil go dtí an príomhinneachar
Padlock

Cad is DNSSEC ann?

Is prótacal slándála Idirlín é DNSSEC, nó Breisithe Slándála Chóras na nAinmneacha Fearainn, a chuidíonn an seans a laghdú go gcuirfear cuairteoirí chuig do láithreán gréasáin ar aghaidh chuig leathanach gréasáin bhréige má chuireann siad seoladh do láithreáin ghréasáin atá cosanta ag teicneolaíocht DNSSEC, isteach ina mbrabhsálaí.

An tslí a n-oibríonn sé

Nuair a chuardaíonn tú ainm fearainn, nó URL, cuimsíonn an próiseas seo sraith ceisteanna agus freagraí am ar bith a seolann do bhrabhsálaí iarratas chun an láithreán gréasáin atá á chuardach a aimsiú. Ach an féidir le do bhrabhsálaí muinín a bheith aige as an bhfreagra a fhaightear? Conas a bhíonn a fhios aige nach bhfuil an freagra mionathraithe ag tríú páirtí?

Le DNSSEC, is féidir le brabhsálaithe agus freastalaithe ainmneacha a sheiceáil cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na freagraí a fhaigheann siad barántúil. Ciallaíonn sé seo go bhfuil seans níos lú ann go ndéanfar úsáideoirí Idirlín a atreorú chuig láithreáin ghréasáin dhroch-intinne.

Oibríonn DNSSEC trí fhreagraí a sheiceáil ag gach leibhéal d'infreastruchtúr an Idirlín, ar a dtugtar Córas na nAinmneacha Fearainn, nó DNS. Téann gach leibhéal den infreastruchtúr in urrús ar an leibhéal os a chionn trí rud ar a dtugtar "slabhra muiníne".

Tabhair faoi deara nach bhfuil an tseirbhís seo ar fáil ó gach cláraitheoir faoi láthair.

Cruinneachán slándála

Cad iad na Seirbhísí “Glasála Clárlainne” agus “Glasála Cláraitheora”?

Féadfar an tSeirbhís Glasála Clárlainne a úsáid chun leibhéal sábháilteachta níos airde a sholáthar d’ainmneacha fearainn. Ceapadh é chun an fhéidearthacht a bhaineann le hathruithe, scrios nó aistrithe neamhbheartaithe a mhaolú Leis an tSeirbhís Glasála Clárlainne, féadfaidh tú leas a bhaint as an leibhéal slándála is airde do na hainmneacha fearainn is luachmhaire agus is feiceálaí atá agat.

Tabharfaidh an tSeirbhís Glasála Cláraitheora cosaint do d’ainm fearainn ó athruithe timpisteacha freisin, ach is é an difríocht idir an tseirbhís sin agus an Ghlasáil Clárlainne ná gur féidir ainm fearainn glasáilte a aistriú fós féin le cód údaraithe a fuarthas trí chuntas My .eu nó le cód údaraithe éigeandála a fuarthas ó EURid.

Ní féidir leat an dá sheirbhís a úsáid ag an am céanna. Beidh an lámh in uachtar ag Glasáil Clárlainne ar an tseirbhís Glasála Cláraitheora i gcónaí.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun leas a bhaint as ár Seirbhísí Glasála, déan teagmháil le do chláraitheoir, le do thoil, agus beidh an cláraitheoir in ann a dheimhniú an soláthraíonn siad seirbhísí den chineál sin nó nach soláthraíonn. Is féidir leat an liosta de chláraitheoirí creidiúnaithe a chuardach de réir teanga, tíre nó seirbhíse.

Beart cáilíochta

Scór DNSQuality

Gné a d’fhorbair EURid is ea scór DNSQuality. Léiriú físeach atá ann ar cháilíocht shuiteáil an DNS (Córas Ainm Fearainn) a bhaineann le hainm fearainn ar leith.

Déanann EURid seiceálacha teicniúla gach seachtain ar gach ainm fearainn gníomhach, agus déanann siad Scór DNSQuality nua a ríomh gach seachtain trí shraith trialacha. Déantar na trialacha sin i dtaca le gach ainm fearainn a bhfuil ar a laghad freastalaí ainm amháin nasctha leis agus a bhfuil an stádas ‘In Úsáid’ aige. Déantar líon áirithe pointí a leithdháileadh do gach triail a chuirtear i gcrích, agus déantar an líon iomlán pointí a ríomh mar scór DNSQuality agus cuirtear i láthair mar chéatadán é. San áireamh sna trialacha tá siad seo a leanas:

  • An bhfuil ainm fearainn inrochtana thar IPv4 agus IPv6;
  • An bhfuil na freastalaithe ainmneacha go léir atá nasctha le d’ainm fearainn freagrúil;
  • An bhfuil an t-ainm fearainn cumasaithe le ‘hIarmhíreanna Slándála an Ainm Fearainn’ (DNSSEC).

Féadfaidh sealbhóirí ainmneacha Fearainn féachaint ar scóir DNSQuality na n-ainmneacha fearainn atá cláraithe acu trína gcuntas ‘My .eu’.

Cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin go mbeadh an DNS cumraithe i gceart?

  • Ionas go mbeidh na seirbhísí atá nasctha le d'ainmneacha fearainn inrochtana an t-am ar fad (i.e. láithreán gréasáin, seoladh ríomhphoist);
  • Ionas go bhfeidhmeoidh na seirbhísí atá nasctha le d'ainmneacha fearainn agus slándáil níos airde ag baint leo.

Chun liosta iomlán de na trialacha a fháil, agus chun breis eolais a fháil faoi Scór DNSQuality, tagair, le do thoil, do lámhleabhar ‘My .eu’.