Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Próiseas creidiúnaithe i 5 chéim

 

 

Céim 1: Léigh an Comhaontú Cláraitheora Creidiúnaithe

Mar chláraitheoir creidiúnaithe ní mór duit rialacha an Comhaontú Cláraitheora Creidiúnaithe de chuid EURid a chomhlíonadh agus na critéir chreidiúnaithe a shásamh, mar sin léigh an Comhaontú Cláraitheora Creidiúnaithe sula gcuireann tú isteach.

Céim 2: Seol iarratas ar chreidiúnú chuig EURid

Má shásainn tú na critéir chreidiúnaithe agus má tá suim agat a bheith creidiúnaithe, seol ríomhphost chugainn, le do thoil, ina mbeidh ainm do chuideachta, uinhir chláraithe do chudeachta/uimhir aitheantais CBL agus an seoladh [email protected].

Céim 3: Comhlánaigh an fhoirm iarratais ar líne

I ndiaidh measúnú tosaigh, seolfaidh EURid nasc chuig an bhfoirm iarratais chugat. Comhlánaigh an fhoirm ar líne agus glac le Téarmaí an Chomhaontaithe Cláraitheora Creidiúnaithe.

Céim 4: Seiceáil incháilitheachta

Déanfaidh EURid athbhreithniú ar d’iarratas agus cuirfidh siad tuilleadh eolais ar fáil duit maidir leis an bhfianaise dhoiciméadach a theastaíonn chun du lar aghaidh leis an bpróiseas creidiúnaithe.

Céim 5: Déan do réamhíocaíocht

Nuair a bheidh d’iarratas ceadaithe ag EURid, cuirfimid tús leis an gComhaontú. Sula dtosaíonn tú ag clárú agus ag bainistiú ainmneacha fearainn, éilímid ort a reámhíocaíocht de 2,500 Euro a dhéanamh. Nuair a bheidh an íocaíocht déanta, measfar go bhfuil do chomhaontú sínithe.

An bhfuil tú i do chláraitheoir cheana féin?

Logáil isteach chuig eislíon an chláraitheora chun rochtain a fháil ar gach uirlis mhargaíochta, nuacht agus doiciméid dár bpobal cláraitheoirí.