Scipeáil go dtí an príomhinneachar
Is sealbhóir ainm fearainn mé

Cén fáth a bhfuil m’ainm fearainn ar coraintín? Conas is féidir liom é a fháil ar ais?

Tá d’ainm fearainn ar coraintín mar gur scriosadh é. Cuirtear ainmneacha ar coraintín ar feadh 40 lá, ach is féidir iad a athghníomhachtú ag am ar bith fad agus atá siad ar coraintín. I rith na tréimhse coraintín, ní oibríonn láithreáin ghréasáin ná seoltaí r-phoist a bhaineann leis na hainmneacha níos mó. A luaithe agus a bhíonn an tréimhse choraintín thart, scaoiltear na hainmneacha fearainn agus is féidir le haon duine iad a chlárú ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce. Cuardaigh an t-ainm fearainn i mbosca cuardaigh WHOIS chun a fháil amach cén dáta a mbeidh sé ar fáil arís i gcomhair clárúcháin ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce.

Chun d’ainm fearainn a athghníomhachtú roimh dheireadh na tréimhse coraintín, téigh i dteagmháil le do chláraitheoir. Mar mhalairt, is féidir leat iarraidh ar chláraitheoir nua d’ainm fearainn a athghníomhachtú. Téigh i dteagmháil le do chláraitheoir maidir leis na costais ghaolmhara.

 

Is ann do trí chúis ar féidir ainm fearainn a scriosadh mar gheall orthu: 

 

- níl an t-ainm ag teastáil ón sealbhóir ainm fearainn níos mó. Sa chás seo, is ionann an coraintín 40 lá agus tréimhse shuaimhnithe. Is féidir an t-ainm a athghníomhachtú go fóill laistigh den tréimhse choraintín má chinneann an sealbhóir ainm fearainn gur mhaith leis/léi an t-ainm a choinneáil mar sin féin.

- níor íoc an sealbhóir ainm fearainn an táille athnuachana agus ní raibh an dara rogha ag a gcláraitheoir ach an t-ainm a scriosadh de bharr íocaíochta gan íoc. Tar éis 40 lá ar coraintín, scaoiltear an t-ainm fearainn le haghaidh clárú ginearálta ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce, mura gcinneann an sealbhóir é a athghníomhachtú roimhe sin.

- chúlghair EURid an t-ainm fearainn siocair nár bhain an sealbhóir ainm fearainn na critéir cháilitheachta amach. Ní féidir ach le EURid ainmneacha fearainn cúlghairthe a athghníomhachtú.