Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Is sealbhóir ainm fearainn mé

Cé leis ar chóir dom dul i dteagmháil má bhíonn ceisteanna agam faoi m’ainm fearainn?

Ba chóir duit dul i dteagmháil le do chláraitheoir.

 

Mura bhfuil sonraí teagmhála do chláraitheora ar eolas agat, cuir isteach d'ainm fearainn sa bhosca cuardaigh WHOIS chun teacht ar na sonraí faoi chlárúchán d’ainm fearainn, lena n-áirítear sonraí teagmhála do chláraitheora.

 

Tabhair do d'aire go gcomhoibríonn cláraitheoirí creidiúnaithe le fochonraitheoirí nó le hidirghabhálaithe uaireanta le seirbhísí clárúcháin le haghaidh ainmneacha fearainn a chur ar fáil don phobal. Ach, ní féidir ach le cláraitheoirí creidiúnaithe rochtain a fháil ar chórais chlárúcháin agus dá bhrí sin tá siad le feiceáil i mbunachar sonraí WHOIS. Is é an cláraitheoir a chuaigh isteach sna córais chlárúcháin chun d’ainm fearainn a chlárú go deireanach a léirítear sa bhunachar sonraí WHOIS de ghnáth. Mar sin féin, is féidir le sonraí an athdhíoltóra a bheith le feiceáil in aschur WHOIS mar 'theagmhálaí an athdhíoltóra'.

 

 

Cad é My .eu? Cad dó ar féidir liom é a úsáid?

Má tá cuntas My .eu agat, is féidir leat mar shealbhóir ainm fearainn, gnéithe áirithe de d'ainm fearainn a bhainistiú. Léigh tuilleadh faoin gcuntas My .eu agus faigh rochtain.

 

 

 

 

Conas is féidir liom seiceáil nó nuashonrú a dhéanamh ar na freastalaithe ainmneacha atá nasctha le m’ainm fearainn?

Is féidir leat na freastalaithe ainmneacha atá nasctha le d'ainm fearainn a sheiceáil ar an WHOIS gréasánbhunaithe.

 

Cuir isteach d’ainm fearainn sa bhosca cuardaigh WHOIS, ansin cuir tic leis an réimse Captcha más gá. Feicfidh tú eolas maidir le clárúchán d’ainm fearainn, lena n-áirítear na freastalaithe ainmneacha atá nasctha leis agus sonraí teagmhála do chláraitheora.

 

Más mian leat na freastalaithe ainmneacha atá nasctha le d’ainm fearainn a athrú, téigh i dteagmháil le do chláraitheoir, le do thoil.

Cén fáth a bhfuil m’ainm fearainn ar coraintín? Conas is féidir liom é a fháil ar ais?

Tá d’ainm fearainn ar coraintín mar gur scriosadh é. Cuirtear ainmneacha ar coraintín ar feadh 40 lá, ach is féidir iad a athghníomhachtú ag am ar bith fad agus atá siad ar coraintín. I rith na tréimhse coraintín, ní oibríonn láithreáin ghréasáin ná seoltaí r-phoist a bhaineann leis na hainmneacha níos mó. A luaithe agus a bhíonn an tréimhse choraintín thart, scaoiltear na hainmneacha fearainn agus is féidir le haon duine iad a chlárú ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce. Cuardaigh an t-ainm fearainn i mbosca cuardaigh WHOIS chun a fháil amach cén dáta a mbeidh sé ar fáil arís i gcomhair clárúcháin ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce.

Chun d’ainm fearainn a athghníomhachtú roimh dheireadh na tréimhse coraintín, téigh i dteagmháil le do chláraitheoir. Mar mhalairt, is féidir leat iarraidh ar chláraitheoir nua d’ainm fearainn a athghníomhachtú. Téigh i dteagmháil le do chláraitheoir maidir leis na costais ghaolmhara.

 

Is ann do trí chúis ar féidir ainm fearainn a scriosadh mar gheall orthu: 

 

- níl an t-ainm ag teastáil ón sealbhóir ainm fearainn níos mó. Sa chás seo, is ionann an coraintín 40 lá agus tréimhse shuaimhnithe. Is féidir an t-ainm a athghníomhachtú go fóill laistigh den tréimhse choraintín má chinneann an sealbhóir ainm fearainn gur mhaith leis/léi an t-ainm a choinneáil mar sin féin.

- níor íoc an sealbhóir ainm fearainn an táille athnuachana agus ní raibh an dara rogha ag a gcláraitheoir ach an t-ainm a scriosadh de bharr íocaíochta gan íoc. Tar éis 40 lá ar coraintín, scaoiltear an t-ainm fearainn le haghaidh clárú ginearálta ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce, mura gcinneann an sealbhóir é a athghníomhachtú roimhe sin.

- chúlghair EURid an t-ainm fearainn siocair nár bhain an sealbhóir ainm fearainn na critéir cháilitheachta amach. Ní féidir ach le EURid ainmneacha fearainn cúlghairthe a athghníomhachtú.

Ní theastaíonn m’ainm fearainn uaim níos mó. Cad a dhéanfaidh mé anois?

Mura dteastaíonn d’ainm fearainn uait a thuilleadh, is féidir leat é a aistriú chuig duine éigin eile, nó iarraidh é a scriosadh. Ciallaíonn scriosadh d’ainm go scriostar an t-ainm agus na sonraí uile a bhaineann leis, amhail d’ainm agus do sheoladh etc, ónár WHOIS gréasánbhunaithe. Déan teagmháil le do chláraitheoir más mian leat d’ainm a scriosadh.

 

A luaithe agus a scriostar é, coinnítear d’ainm fearainn ar coraintín ar feadh 40 lá. Feidhmíonn an tréimhse choraintín seo mar thréimhse shuaimhnithe ionas gur féidir leat d’ainm fearainn a fháil ar ais má athraíonn tú d’intinn, nó má scriosadh an t-ainm fearainn trí thimpiste. Tar éis thréimhse an choraintín, déanfar an t-ainm fearainn a scaoileadh i gcomhair clárúcháin. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh duine eile é a chlárú ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce.

 

Tabhair do d’aire, de réir ár mBeartas Príobháideachta, nach mbeidh do shonraí pearsanta le feiceáil níos mó sa WHOIS gréasánbhunaithe nuair a scaoilfear an t-ainm fearainn as coraintín. Coinneoimid na sonraí ar chomhad, áfach, ar feadh deich mbliana, sa chás go mbeidís ag teastáil do chosaint dhleathach, de réir Dhlí na Beilge.

 

 

 

Conas agus cathain a athnuaim m’ainm fearainn?

Déanfaidh EURid d'ainm fearainn a athnuachan ar feadh 1 bhliain eile nuair a shroicheann sé deireadh a thréimhse chlárúcháin. Mar sin féin, téigh i dteagmháil le do chláraitheoir chun a dheimhniú cathain a rachaidh d'ainm fearainn in éag agus cad a tharlóidh nuair a tharlóidh sé sin, mar go bhféadfadh beartais éagsúla a bheith ag cláraitheoirí. Léigh tuilleadh faoi dhátaí éaga.

 

 

Ní fheidhmíonn mo chód údaraithe

Mura bhfeidhmíonnn do chód údaraithe d’fhéadfadh sé gur mar gheall ar cheann de na cúiseanna seo a leanas é:

- Ní raibh an cód údaraithe litrithe i gceart nó níor cuireadh isteach i gceart é;
- Tá sé imithe in éag;
- Tá cód údaraithe nua iarrtha idir an dá linn agus tá an seancheann neamhbhailí dá bharr sin;
- Úsáideadh cheana féin é.

Léigh tuilleadh faoi na cóid údaraithe.

 

 

 

 

 

Níor fheidhmigh mo láithreán gréasáin ó d'aistrigh mé m'ainm fearainn chuig cláraitheoir nua. Cén fáth é sin?

Tá cláraitheoirí freagrach as riaradh na n-ainmneacha fearainn ina bpunann agus as cur i bhfeidhm teicniúil ainmneacha fearainn. Chun go bhfeidhmeodh sé i gceart, caithfidh d’ainm fearainn a bheith tagartha ag ceann amháin nó níos mó de na freastalaithe ainmneacha. Comhcheanglaíonn freastalaí ainmneacha ainm fearainn le freastalaí ríomhphoist, freastalaí gréasáin, etc. Ba chóir do chláraitheoirí comhcheangal na sonraí teicniúla seo a choinneáil cothrom le dáta i gcomhaid zóin, mar a thugtar orthu.

 

Déan teagmháil le do chláraitheoir le do thoil chun a dheimhniú go bhfuil an comhad zóin aistrithe nó nuashonraithe chomh maith.

Conas is féidir liom mo chlárúchán a uasdátú bunaithe ar mo shaoránacht?

Ón 2 Lúnasa 2021, is féidir le saoránaigh de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, den Íoslainn, de Lichtinstéin, nó den Iorua ainm fearainn a chlárú faoi .eu (nó a chuid athróg in scripteanna eile) neamhspleách ar an tír ina bhfuil cónaí orthu. Más mian leat do shonraí clárúcháin a nuashonrú bunaithe ar do shaoránacht, déan teagmháil, le do thoil, le do chláraitheoir (an chuideachta trínar chláraigh tú an t-ainm fearainn). 

 

Is féidir le do chláraitheoir do shonraí clárúcháin a nuashonrú agus an tír shaoránachta a chur san áireamh sa réimse ‘Saoránacht’ a sholáthraítear. Is féidir leat sonraí clárúcháin d’ainm fearainn a fhíorú ag am ar bith ach logáil isteach ar do chuntas ar https://my.eurid.eu.

 

Má tá cláraitheoir a thairgeann saoránacht bunaithe ar na critéir shaoránachta á lorg agat, tabhair cuairt ar an leathanach ‘Aimsigh Cláraitheoir’, déan an liosta sa mhír ‘Seirbhísí’ a scagadh, agus roghnaigh ‘Clárúcháin bunaithe ar shaoránacht’.