Scipeáil go dtí an príomhinneachar
Is mian liom .eu, .ею nó .ευ a chlárú

Cé hiad siúd ar féidir leo ainm fearainn faoi .eu (nó a chuid athróg i scripteanna eile)?

Is féidir leat ainm fearainn eu .ею nó .ευ a chlárú má shásaíonn tú na critéir seo a leanas:

 

  • Is duine aonaoir thú a bhfuil cónaí ort i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, san Íoslainn, i Lichtinstéin, nó san Iorua, nó is saoránach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, den Íoslainn, de Lichtinstéin nó den Iorua thú (ón 2 Lúnasa 2021).
  • Tá tú ag déanamh ionadaíochta thar ceann eagraíochta atá bunaithe: i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh; nó san Íoslainn, i Lichtinstéin nó san Iorua.

Míníonn Téarmaí agus Coinníollacha cé atá i dteideal ainm fearainn a chlárú agus na hoibleagáidí atá ar shealbhóirí ainmneacha fearainn. In éineacht le Beartas Príobháideachta agus Beartas WHOIS, cuireann siad eolas maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí ar fáil.