Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Is mian liom .eu, .ею nó .ευ a chlárú

Cé mhéad a chosnaíonn clárúchán?

Athraíonn an costas ó chláraitheoir go cláraitheoir. Socraíonn cláraitheoirí creidiúnaithe a gcuid praghsanna féin do chlárúcháin agus seirbhísí gaolmhara.

 

An dteastaíonn cúnamh uait chun cláraitheoir a roghnú? Is féidir leat ár liosta cláraitheoirí a úsáid chun ceann a aimsiú. Chláraigh duine éigin ainm fearainn a theastaíonn uaim.

 

 

Cé hiad siúd ar féidir leo ainm fearainn faoi .eu (nó a chuid athróg i scripteanna eile)?

Is féidir leat ainm fearainn eu .ею nó .ευ a chlárú má shásaíonn tú na critéir seo a leanas:

 

  • Is duine aonaoir thú a bhfuil cónaí ort i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, san Íoslainn, i Lichtinstéin, nó san Iorua, nó is saoránach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, den Íoslainn, de Lichtinstéin nó den Iorua thú (ón 2 Lúnasa 2021).
  • Tá tú ag déanamh ionadaíochta thar ceann eagraíochta atá bunaithe: i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh; nó san Íoslainn, i Lichtinstéin nó san Iorua.

Míníonn Téarmaí agus Coinníollacha cé atá i dteideal ainm fearainn a chlárú agus na hoibleagáidí atá ar shealbhóirí ainmneacha fearainn. In éineacht le Beartas Príobháideachta agus Beartas WHOIS, cuireann siad eolas maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí ar fáil.

 

 

 

Conas is féidir liom cláraitheoir creidiúnaithe a aimsiú?

Is féidir leat cláraitheoir creidiúnaithe a aimsiú trí chuardach a dhéanamh ar ár liosta cláraitheoirí. Is féidir leat do chuardach a bheachtú de réir teanga, tíre nó seirbhíse.

 

Chláraigh duine éigin ainm fearainn a theastaíonn uaim nó a gceapaim go bhfuil teideal níos fearr agam ina leith ná mar atá ag an sealbhóir reatha. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Déantar ainmneacha fearainn faoi .eu (nó a chuid athróg i scripteanna eile) a chlárú ar an mbunús “Tús freastail ar an gceann is túisce”. Má tá an t-ainm fearainn atá uait cláraithe cheana féin, d’fhéadfá iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil leis an sealbhóir fearainn agus a fhiafraí an mbeidís sásta an t-ainm fearainn a ghéilleadh duit.

Féach ar ár láithreán gréasáin chun níos mó eolais a fháil faoi na topaicí seo:

Conas teagmháil a dhéanamh le sealbhóir ainm fearainn

Díospóidí ainm fearainn

Ainmneacha atá bactha & ainmneacha atá in áirithe