Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Sármhaitheas theicniúil

Tá EURid ag déanamh iarrachtaí leanúnacha chun cáilíocht ár gcuid seirbhísí dár gcustaiméirí agus dár n-úsáideoirí deiridh a fheabhsú trí shármhaitheas theicniúil a chur ar fáil.

Seo cuid de na seirbhísí a chuirimid ar fáil.

Seirbhísí Cuardaigh

Féadfaidh tú an fhaisnéis ar ainm fearainn .eu, .ею (script Choireallach) agus .ευ (script Ghréagach) a chuardach nó seiceáil an bhfuil sé ar fáil le haghaidh clárúcháin trí úsáid a bhaint as an áis chuardaigh WHOIS.

Más mian leat teagmháil a dhéanamh le sealbhóir ainm fearainn ar leith, is féidir leat amharc ar a sonraí teagmhála ón WHOIS gréasánbhunaithe.

Más cuideachta nó eagraíocht an sealbhóir, feicfidh tú ainm na cuideachta/na heagraíochta, an chathair, an tír, an seoladh ríomhphoist, agus an teanga thosaíochta atá acu i gcomhair comhfhreagrais.

Más duine príobháideach an sealbhóir, ní fheicfidh tú ach a sheoladh/seoladh ríomhphoist agus an teanga thosaíochta i gcomhair comhfhreagrais. Tá na sonraí pearsanta eile ar fad folaithe ar chúiseanna príobháideachta.

Chun tuilleadh eolais a fháil, seiceáil ár mbeartas WHOIS.

Má chreideann tú go bhfuil cúis agat chun sonraí teagmhála breise a fháil seachas na cinn a chuirtear ar fáil tríd an WHOIS gréasánbhunaithe, comhlánaigh an  fhoirm iarratais agus seol ar ríomhphost í chuig [email protected]. Ní mór go míneofaí i d’iarratas an chúis a dteastaíonn sonraí teagmhála an tsealbhóra uait agus an chaoi a bhfuil sé ar intinn agat iad a úsáid.

Déantar nochtadh sonraí pearsanta a bhainistiú ar bhonn an Bheartais Príobháideachta.

IPv6

Soláthraíonn EURid réiteach ar ainmneacha fearainn trí sheoltaí IPv4 agus IPv6.

Riamh anall, bhí sealbhóirí ainmneacha fearainn in ann seoltaí Ipv6 a úsáid dá bhfreastalaithe ainmneacha tiomanta, ó tharla go raibh freastalaithe ainmneacha a raibh acmhainn Ipv6 acu ag córais chlárúcháin EURid ó seoladh .eu in 2006.

Má tá tú nasctha leis an Idirlíon trí Ipv6, sroichfidh tú www.eurid.eu go huathoibríoch ar ár seoladh IPv6.

Freastalaithe ainmneacha

Déantar ainmneacha fearainn atá cláraithe a stóráil ar 2 fhreastalaí ainmneacha aonchraolta, atá lonnaithe san Eoraip, agus ar 3 mhogalra Anycast, atá lonnaithe ar fud an domhain (féach an tábla thíos). Déantar freastalaithe ainmneacha EURid a nuashonrú go dinimiciúil. Ciallaíonn sé sin nuair a chláraíonn tú ainm fearainn go ndéantar é a ghníomhachtú ar an toirt nach mór. Bíonn feidhm ag aon athruithe a dhéantar ar ainmneacha fearainn reatha ar an toirt chomh maith.

 

FQDN

Cineál

Suíomh

Seoladh IP 

nl.dns.eu  

Unicast    

An Ísiltír   

149.38.1.26
2001:978:2:1::93:2

si.dns.eu

Unicast

An tSlóivéin 

193.2.221.60
2001:1470:8000:100::1

x.dns.eu

Anycast

n/a

185.151.141.1 
2a02:568:fe00::6575   

y.dns.eu

Anycast

n/a

194.146.106.90
2001:67c:1010:23::53

w.dns.eu Anycast n/a

2001:678:20::28     
194.0.25.28  

 

Freastalaí Ainmneacha YADIFA

Is é YADIFA an feidhmiú maidir le freastalaí ainmneacha foinse oscailte atá ag EURid féin. D’fhorbraíomar YADIFA chun stóinseacht bhonneagar freastalaí ainmneacha .eu a mhéadú trí rogha mhalartach chobhsaí a chur leis an bhfeidhmiú eile maidir le freastalaithe ainmneacha a bhí in úsáid againn.

Scríobhadh YADIFA as an nua. Ciallaíonn sé sin nach bhfágtar é le haon cheann de na laigí a d'fhéadfadh a bheith i mbogearraí a bhí ann cheana féin. Tacaíonn sé le gach ceann de na prótacail reatha, lena n-áirítear DNSSEC le NSEC agus NSEC3. Tá sé oiriúnach le RFC.

Agus díreach cosúil le feidhmiú eile, tá YADIFA inrite ar chórais il-oibriúcháin lena n-áirítear Linux, FreeBSD, OpenBSD agus Solaris.

Le haghaidh breis faisnéise faoi YADIFA agus faoin gcód foinse, téigh chuig yadifa.eu.