Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Ag Éirí Glas

EMAS logo

Creidimid gur féidir le cuideachtaí, fiú iad siúd atá ag obair sa chibearspás, é sin a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe.

Is muidne an chéad chlárlann TLD Eorpach a cláraíodh le Scéim an Aontais Eorpaigh um Éiceabhainistíocht agus Éiciniúchóireacht (EMAS) ó 2012 i leith.

Gníomhartha comhshaoil

Tá cur chuige atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de á ghlacadh againn maidir le bainistíocht a dhéanamh ar ár TLDanna le blianta fada.

Cuireann an clárúchán EMAS ár ngníomhaíochtaí leanúnacha ar bhonn foirmiúil agus léiríonn sé an gealltanas poiblí atá tugtha againn ár lorg ar an timpeallacht a fheabhsú tuilleadh fiú. Cuimsíonn na gníomhaíochtaí sin na nithe seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh:

  • Éifeachtúlacht acmhainne: Bealach amháin ina bhfuil sé i gceist againn tionchar timpeallachta an iompair a laghdú is ea gluaisteáin chorparáideacha níos glaise a thabhairt isteach.
  • Páirtíocht chorparáideach: Déanaimid an clár inbhuanaitheachta a chur chun cinn i measc ár mball foirne, chun a bpáirtíocht i ngníomhaíochtaí agus i dtionscadail timpeallachta a fheabhsú.
  • Imeachtaí freagracha: Nuair a bhíonn comhdhálacha agus imeachtaí i gcomhair cláraitheoirí creidiúnaithe á n-eagrú againn nó rannpháirtíocht in aontaí agus i gcruinnithe trádála sa tionscal, bíonn critéir thimpeallachta ó threoir chruinnithe Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) á bhfeidhmiú againn lena chinntiú go bhfuil na himeachtaí sin (agus an taisteal a bhaineann leo) chomh hiontaofa agus is féidir ó thaobh na timpeallachta de.

Beartas agus cuspóirí

Tugann Ráiteas Timpeallachta EMAS agus ISO 14001 2021-2023 (PDF) breac-chuntas ar bheartas timpeallachta, ar chuspóirí agus ar chlár gníomhaíochta EURid do na trí bliana seo amach romhainn.

Maidir le EMAS

Uirlis dheonach bhainistíochta is ea  Scéim an Aontais Eorpaigh um Éiceabhainistíocht agus Éiciniúchóireacht (EMAS)) do chuideachtaí agus d'eagraíochtaí eile chun a bhfeidhmíocht timpeallachta a mheas, a thuairisciú agus a fheabhsú. Tugann an scéim seo cúnamh do chuideachtaí chun a bpróisis táirgeachta a bharrfheabhsú, tionchair thimpeallachta a laghdú agus úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní.

Bhain EURid clárúchán EMAS amach i mí na Bealtaine 2012 agus ó shin i leith tá a chlárúchán athnuaite aige don tréimhse 2018-2020. Is é BE-VL-000016 ár n-uimhir chlárúcháin.

Cúiteamh CO2

Ó 2014 i leith, tá measúnú déanta againn ar ár n-astuithe CO2 don bhliain roimhe sin agus cheannaíomar creidmheasanna deimhnithe CO2 do:

  • 2014 – tógáil tuirbíní gaoithe agus táirgeadh bithdhíosail as síolta Jatropha in Gujarat, san India.
  • 2015 - roinnt crainn torthaí a chur in Asturias, sa Spáinn, ceantar ina bhfuil cónaí ar an mbéar donn Eorpach, béar atá i mbaol, i gcomhar leis an eagraíocht Spáinneach FAPAS, faoin gclár ‘+BEARS -CO2’.
  • 2015 - rannchuidiú le tionscadal Ecomapuà, tionscadal a bhfuil sé mar sprioc aige, i measc spriocanna eile, bithéagsúlacht shaibhir na hAmasóine a chaomhnú.
  • 2016 - rannchuidiú le tionscadal Hidreachumhachta Dak Rung i Vítneam. Bhí an tionscadal fuinnimh in-athnuaite seo bunaithe timpeall ar fhearas hidreachumhachta 8MW a thógáil ar shruthán Dak Rung chun leictreachas in-athnuaite a ghiniúint don phobal áitiúil agus d’eangach leictreachais Vítneam.
  • 2017-2018 - ag tacú leis an tionscadal Athshlánaithe Tollpholl. Tá sé mar sprioc ag an ionscadal Athshlánaithe Tollpholl in Uganda oibriú le pobail áitiúla in Uganda chun tollphoill atá briste a dheisiú le go mbeadh rochtain arís ar uisce óil atá glan agus sábháilte. In 2018, thacaíomar leis an tionscadal athshlánaithe Tollpholl in Uganda don dara bliain; an t-am seo, dhíríomar ar Cheantair Dokolo Otuke agus Alebtong in Uganda.
  • 2019 - ag tacú leis an Tionscadal Athshlánaithe Tollpholl in Uganda, chomh maith leis na hiarrachtaí ar athfhoraoisiú in Monchique sa Phortaingéil, ceantar a bhí buailte ag falscaithe uafásacha i samhradh na bliana 2018.
  • 2020 – ag tacú leis an tionscadal “Water is Life” i Madagascar.
  • 2021 ag tacú leis an tionscadal "Water is Life" i Madagascar. Léigh tuilleadh ónár dTuarascáil maidir le Lorg Carbóin 2020 (i mBéarla amháin).

 

2020 Carbon footprint infographic