Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Critéir chreidiúnaithe

Chun cáiliú do chreidiúnú mar chláraitheoir agus chun a bheith údaraithe chun ainmneacha fearainn a thairiscint faoi Fhearann Barrleibhéil .eu agus a chuid athróg i scripteanna eile (.ею agus .ευ), tá ort na critéir seo a leanas a shásamh.

 

1. Cuireann tú cruthúnas oifigiúil ar ghnó ar fáil, trí dhoiciméid chuí a sholáthar nuair a iarrtar iad.

2. Coimeádann tú do shuíomh gréasáin oibríochtúil féin i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Aontais Eorpaigh, ina mbeidh:

  • do shonraí aitheantais go léir (amhail ainm oifigiúil na cuideachta, foirm dhlíthiúil, uimhir chlárúcháin, seoladh, teileafón, seoladh ríomhphoist agus suíomh gréasáin)
  • eolas soiléir ar na seirbhísí agus ar an bpraghsáil atá á dtairiscint agat
  • seiceáil ar infhaighteacht fearainn nó nasc chuig https://whois.eurid.eu.

3. soláthraíonn tú tacaíocht chustaiméara do chláraitheoirí tríd an teileafón, ríomhphost, comhrá nó ar bhealach eile i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh faoi mar atá léirithe ar ár suíomh gréasáin nó in ábhair ghnó ábhartha eile.

4. Barántaíonn tú go gcuirtear Téarmaí agus Coinníollacha EURid ar fáil do na cláraithe agus go nglacann siad leo.

5. Tá inniúlacht theicniúil agat chun na seirbhísí um chlárú ainmneacha fearainn a fheidhmiú agus tacú leo ar bhealach gairmiúil.

6. Deimhníonn tú go bhfuil dea-chlú ó thaobh airgeadais ort trí dhoiciméid ábhartha a sholáthar nuair a iarrtar iad.

7. Déanann tú réamhíocaíocht de 2,500 EUR ar a laghad (dhá mhíle cúig chéad Euro).

8. Nuair a bheidh tú creidiúnaithe déanfaidh tú idirbhearta níoctha ar 500 EUR (cúig chéad Euro) ar a laghad in aghaidh na bliana.

 

Chun cur síos níos mionsonraithe a fháil léigh Comhaontú Cláraitheora Creidiúnaithe de chuid EURid