Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Bheartas fianán

Cad is fianán ann?

Comhad téacs is ea fianán ina bhfuil píosaí beaga faisnéise, a íoslódáiltear chuig do ghléas nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin (den chéad uair). Ansin, seoltar an fianán sin ar ais chuig an suíomh gréasáin bunaidh gach uair a thugann tú cuairt air ina dhiaidh sin nó chuig suíomh gréasáin eile a aithníonn an fianán sin. Tá fianáin úsáideach mar go dtugann siad cead do shuíomh gréasáin gléas an úsáideora a aithint agus cuireann siad eispéireas níos éifeachtúla agus níos pearsanta ar fáil duit ar an suíomh gréasáin.

Cad iad na cineálacha fianán a úsáidtear?

Ag EURid, bainimid úsáid as fianáin chéad pháirtí mar a thugtar orthu chomh maith le fianáin tríú páirtí ar ár suíomh(anna) gréasáin.

Is fianáin iad fianáin chéad pháirtí a úsáideann EURid le linn do chuairte ar cheann dár suíomhanna gréasáin, amhail fianáin theicniúla, seisiúin, sheasmhacha agus fheidhmiúla:

Tá fianáin theicniúla riachtanach chun go bhfeidhmeodh an suíomh gréasáin i gceart. Cuireann na fianáin sin ar do chumas nascleanúint a dhéanamh idir na codanna éagsúla dár suíomh gréasáin agus feidhmiúlachtaí faoi leith a úsáid.

Fianáin shealadacha is ea fianáin seisiúin a chuireann ar do chumas nascleanúint a dhéanamh go tapa agus go héasca tríd an suíomh gréasáin le linn do sheisiúin bhrabhsála.

Maireann fianáin sheasmhacha nó ‘fianáin rianaithe’ níos faide ná seisiún aonair agus fanann siad i do bhrabhsálaí ar feadh tréimhse faoi leith tar éis an tseisiúin (mura scriosann tú an fianán).

Déanann fianáin fheidhmiúla faireachán ar fheidhmiú ceart an tsuímh gréasáin chun na roghanna a rinne tú a choinneáil i gcuimhne (m.sh. do rogha teanga, d’ainm úsáideora, nó do réigiún). Cuireann siad gnéithe feabhsaithe agus gnéithe níos pearsanta ar fáil, ionas nach mbíonn ort do chuid roghanna a shonrú gach uair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin.

Is fianáin iad fianáin tríú páirtí nach n-úsáideann EURid le linn do chuairte ar cheann dár suíomhanna gréasáin, amhail:

Fianáin fheidhmiúla (Piwik): bailíonn siad faisnéis anaithnid agus chomhiomlán maidir le d’iompar ar líne (cosúil le cineál do bhrabhsálaí, do sheoladh Prótacal Idirlín (IP), an córas oibriúcháin a úsáideadh, ainm fearainn an tsuímh gréasáin ar thug tú cuairt air fiú nuair a thréig tú an suíomh sin, dáta agus am do chuairte ar an suíomh gréasáin etc.) ar mhaithe le staitisticí agus chun próifílí cuairteoirí a ghiniúint.

Ní bhailíonn na fianáin a bhíonn in úsáid againne sonraí a nochtann d'fhéiniúlacht phearsanta agus dá bhrí sin, ní féidir linn tú a aithint. D’fhéadfadh sé go mbeadh naisc chuig suíomhanna gréasáin eile ar ár suíomh(anna) gréasáin nach bhfuil faoi úinéireacht/bhainistíocht EURid (ábhar a bhaineann le tríú páirtí, naisc agus breiseáin). Níl EURid freagrach as na cleachtais i leith príobháideachais ar na suíomhanna gréasáin sin.

Conas do thoiliú a thabhairt?

Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh(anna) gréasáin den chéad uair, taispeánfar meirge fianán ag an mbarr. Má dhúnann tú an meirge sin, nó má leanann tú de do chuairt ar ár suíomh(anna) gréasáin, tá sé intuigthe go dtoilíonn tú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá sonraithe sa bheartas fianán seo, mura bhfuil do shocrú brabhsálaí oiriúnaithe agat chun diúltú d’fhianáin (féach thíos) nó mura gcliceálann tú ar ‘Ní theastaíonn fianáin uaimse’ inár meirge fianán.

Conas diúltú dár bhfianáin?

Is féidir leat do thoiliú a aistarraingt ag am ar bith ach cliceáil ar ‘Ní theastaíonn fianáin uaimse’ inár meirge fianán, nó trí fhianáin a scriosadh sna socruithe ar do bhrabhsálaí Idirlín.

De ghnáth, faightear na socruithe sin sa roghchlár ‘roghanna’ nó ‘sainroghanna’ i do bhrabhsálaí Idirlín. Chun na socruithe sin a thuiscint, b’fhéidir go gcabhródh na naisc seo a leanas leat (nó téigh chuig an rogha ‘Cabhair’ i do bhrabhsálaí Idirlín chun tuilleadh sonraí a fháil):

Tabhair do d’aire, le do thoil, go mb’fhéidir go mbeadh tionchar ag athrú ar shocruithe do bhrabhsálaí chun diúltú d’fhianáin ar do chuairt ar ár suíomh gréasáin agus go ndiúltófaí rochtain ar ár suíomh gréasáin ar fad nó ar chuid de duit. Is féidir leat athrú a dhéanamh ar shocruithe do bhrabhsálaí Idirlín ag am ar bith.