Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Fiosrúcháin theicniúla agus phríobháideachta

Cad is teaghrán ACE ann?

Is teaghrán ACE an toradh a fhaightear nuair a dhéantar an IDN a chur isteach i mbarra seoltaí do bhrabhsálaí agus go ndéantar é a thiontú isteach i bhformáid a thuigeann Córas an nAinmneacha Fearainn.

Léigh tuilleadh faoi IDNanna anseo.

 

 

 

Cad iad na riachtanais chomhréire do IDNanna?

Féach ar rialacha d'ainmneacha fearainn chun na riachtanais chomhréire do IDNanna a sheiceáil.

 

 

Cad is cuachadh homaiglifí ann? An bhfuil sé ar fáil ó EURid?

Ag brath ar an script agus ar an gclófhoireann a úsáideadh, is féidir le hainmneacha fearainn féachaint cosúil le chéile. Go deimhin, tá carachtair nó glifeanna áirithe a bhfuil cruthanna orthu a fhéachann mar an gcéanna nó gur deacair iad a aithint ó chéile ar an gcéad amharc. Meastar gur homaiglifí dá chéile iad ainmneacha fearainn más homaiglifí iad na litreacha ar fad d'ainm fearainn amháin de na litreacha ar fad atá sna hainmneacha fearainn eile, ina suíomhanna faoi seach.Is tacar d'ainmneacha fearainn é Cuach Homaiglifí ar homaiglifí dá chéile iad ar fad.Tá beartais glactha ag clárlanna áirithe chun dul i ngleic le cuacha homaiglifí. Is é an cur chuige atá ag EURid a chinntiú, a luaithe agus atá ainm fearainn ó chuach homaiglifí áirithe cláraithe, nach féidir aon ainm fearainn eile a chlárú ón gcuach céanna.

 

Tá sé mar chuspóir ag an gcur chuige seo baol mearbhaill a bhaineann le hainmneacha fearainn a d’fhéadfadh a bheith ag féachaint cosúil le chéile a laghdú.

 

Thug EURid isteach .ею (.eu sa script Choireallach) ar 1 Meitheamh 2016 agus .ευ (.eu sa script Ghréagach) ar 14 Samhain 2019. Ó seoladh .ею chuir EURid an riail bhunúsach i bhfeidhm go gcaithfeadh an script dara leibhéal an fearann barrleibhéil a mheaitseáil. Ón 16 Deireadh Fómhair 2019, ní chuireann an nós imeachta a bhaineann le cuachadh homaiglife isteach ar ainmneacha fearainn Choireallacha a thuilleadh. Is é an míniú atá air sin nach féidir leis an iarmhír Choireallach mearbhall a chur ar an tsúil nuair a chuirtear ainmneacha fearainn Choireallacha i gcomparáid le hainmneacha fearainn Ghréagacha nó Laidineacha.

 

Is fiú a lua nár cheadaigh EURid meascadh scripteanna ó seoladh IDNanna chun maolú a dhéanamh ar an mbaol mearbhaill a bhainfeadh le ainmneacha fearainn atá cosúil le chéile a bheith ann.

 

Cad é áis chuardaigh WHOIS?

Prótacal is ea áis chuardaigh WHOIS a cheadaíonn d’úsáideoirí rochtain a dhéanamh ar bhunachar sonraí ainmneacha fearainn EURid. Trí úsáid a bhaint as áis chuardaigh WHOIS, féadfaidh tú ainm fearainn .eu nó a chuid athróg i scripteanna eile a fhiosrú, chun a fháil amach an bhfuil sé ar fáil. Má tá ainm fearainn cláraithe, taispeánfaidh an WHOIS gréasánbhunaithe sonraí teagmhála shealbhóir an ainm fearainn agus eolas breise eile faoin gclárúchán. Léigh tuilleadh faoi phróiseáil sonraí pearsanta nuair a bhíonn an WHOIS gréasánbhunaithe á úsáid i mBeartas WHOIS agus sa Bheartas Príobháideachta.

 

 

Conas a athraím mo shonraí teagmhála sa WHOIS gréasánbhunaithe?

Déan teagmháil le do chláraitheoir, le do thoil, chun do shonraí teagmhála a athrú nó a nuashonrú ar do shon.


Tá sé riachtanach a chinntiú go bhfuil do shonraí teagmhála ceart agus cothrom le dáta. Má tá do shonraí teagmhála bréagach, má tá botúin iontu, nó má tá siad as dáta, ní bheimid ábalta teagmháil a dhéanamh leat agus d’fhéadfá d’ainm fearainn a chailleadh mar thoradh air sin.

 

Braitheann an méid eolais teagmhála a thaispeántar sa WHOIS gréasánbhunaithe ar an ainm fearainn a bheith cláraithe ag cuideachta nó ag eagraíocht, nó ag duine aonair.

 

Má chláraigh tú ainm fearainn .eu (nó a chuid athróg i scripteanna eile) agus mura mian leat do phríomhsheoladh ríomhphoist a thaispeáint ar an WHOIS gréasánbhunaithe, féadfaidh tú seoladh ríomhphoist malartach atá ag feidhmiú a sholáthar do do chláraitheoir lena thaispeáint sa WHOIS gréasánbhunaithe. Beidh tú ábalta an dá sheoladh ríomhphoist a fhíorú ar do chuntas ‘My .eu’.

 

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhféadfaidh iarmhír an ainm fearainn nua cláraithe a bheith san áireamh sa seoladh ríomhphoist a úsáidtear fad atá ainm fearainn á chlárú. Caithfidh iarmhír an tseolta ríomhphoist a bheith éagsúil ón ainm fearainn a cláraíodh.

Tá ainm fearainn le sonraí clárúcháin míchruinne ar taispeáint sa WHOIS gréasánbhunaithe. Conas a thugaim fógra do EURid?

Má d’aimsigh tú sonraí cláraithe d’ainm fearainn ar leith agus má cheapann tú go bhfuil siad míchruinn, cuir é sin in iúl dúinn trí chuairt a thabhairt ar whois.eurid.eu agus an t-ainm fearainn atá i gceist a chur isteach chun cuardach a dhéanamh. Ar leathanach na dtorthaí, roghnaigh an gníomh ‘Déan sonraí cláraí míchruinne a thuairisciú' don ainm fearainn atá roghnaithe agat faoin rannóg “Gaolmhar” agus taobh le torthaí WHOIS. Comhlánaigh an fhoirm leictreonach a chruthaigh an leathanach agus cuir ar ais chugainn é.

 

 

Cad is seachsheirbhísí ann agus cén fáth a n-úsáidtear iad?

Ceileann seachsheirbhísí sonraí teagmhála shealbhóir an ainm fearainn agus cuirtear ar fáil iad ar chúiseanna éagsúla. Ceann de na cúiseanna chun seachsheirbhís a úsáid is ea príobháideacht: ní mian le roinnt sealbhóirí go dtaispeánfaí a gcuid sonraí pearsanta ar an WHOIS gréasánbhunaithe. Ag EURid, déanaimid an méid sonraí pearsanta faoi dhaoine aonair atá ar fáil ar an WHOIS gréasánbhunaithe a íoslaghdú go huathoibríoch. Ní bhíonn le feiceáil iontu ach a seoladh ríomhphoist agus a dteanga, ar sonraí iad a bhíonn riachtanach chun teagmháil a dhéanamh le sealbhóir an ainm fearainn. Taispeántar eolas breise i gcás eintitis dhlíthiúla a bhfuil ainm fearainn ina seilbh acu.


Má chláraigh tú ainm fearainn faoi .eu (nó a chuid athróg i scripteanna eile) agus mura mian leat go mbeadh do sheoladh ríomhphoist le feiceáil ar an WHOIS gréasánbhunaithe, is féidir leat seoladh ríomhphoist breise atá ag feidhmiú a chur ar fáil don chláraitheoir atá agat agus déanfar é a thaispeáint sa WHOIS gréasánbhunaithe in ionad an tseolta reatha. Beidh ar do chumas an dá sheoladh ríomhphoist a dheimhniú ar do chuntas My .eu.

Má tá aon cheisteanna agat maidir le próiseáil sonraí pearsanta, féach ar ár mBeartas WHOIS agus ar ár mBeartas Príobháideachta nó téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

 

Conas a dhéanann Eurid sonraí pearsanta a phróiseáil?

Pléitear le sonraí pearsanta aon duine is ábhar do na sonraí agus a théann i dteagmháil linn i gcomhréir lenár mBeartas Príobháideachta. Más mian leat fios a bheith agat cad iad na sonraí pearsanta a ndéanann EURid próiseáil orthu i do leith, cuir isteach foirm iarratais um rochtain ar shonraí ar líne (DAR). Más sealbhóir ainm fearainn .eu (nó a chuid athróg i scripteanna eile) thú, tagair freisin, le do thoil, do Bheartas WHOIS chun sonraí a fháil maidir le próiseáil sonraí pearsanta nuair a bhíonn an WHOIS gréasánbhunaithe á úsáid. Mar shealbhóir ainm fearainn, is féidir leat freisin amharc ar do chuid sonraí pearsanta tríd an leathanach gréasáin ‘My .eu'.

Ar ár leathanach tiomnaithe GDPR, is féidir leat forléargas iomlán a fháil ar na hathruithe atá curtha in oiriúint againn dár nósanna imeachta agus dár ndoiciméid i bhfianaise an Rialachán Ginearálta maidir le cosaint sonraí a bheith á thabhairt isteach ar an 25ú Bealtaine 2018.

Má tá aon cheisteanna agat faoi phróiseáil sonraí nach féidir leat freagra a fháil orthu inár gcuid doiciméad, téigh i dteagmháil lenár nOifig Príobháideachta trí [email protected].

 

Fuair mé ríomhphost ó EURid ag iarraidh orm mo shonraí clárúcháin a dheimhniú. Cad ba cheart dom a dhéanamh?

Chun úsáid chalaoiseach ainmneacha fearainn a chomhrac, déanann EURid seiceálacha rialta ar shonraí clárúcháin, agus, i ndeireadh na dála, d’fhéadfaidís a iarraidh ort fianaise ar a gcruinneas a sholáthar trí do chuntas My .eu.

 

Má fuair tú ríomhphost ó EURid ([email protected]) ag iarraidh ort d’aitheantas agus/nó do shonraí teagmhála a bhailíochtú, lean na céimeanna seo a leanas, le do thoil:

 

  • Déan nóta den spriocdháta atá sonraithe san iarratas, d’fhéadfadh sé a bheith idir trí (3), seacht (7) agus ceathair déag (14) lá féilire. Tá sé tábhachtach go gcuirfeá isteach an fhaisnéis a iarraidh laistigh den tréimhse ama atá sonraithe.
  • Téigh chuig an gcuntas 'My .eu' . Cuir isteach d’ainm fearainn agus do sheoladh ríomhphoist, cliceáil ar “Iarr cód rochtana”. Cuir isteach an cód a cuireadh chuig do sheoladh ríomhphoist agus cliceáil ar “Logáil isteach”. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir an cód rochtana a cuireadh chuig do sheoladh ríomhphoist a úsáid ach uair amháin agus go dtéann sé in éag i ndiaidh dhá uair an chloig ón am a fhaightear é.
  • Nuair a bheidh tú logáilte isteach ar do chuntas 'My .eu' , tiocfaidh tú ar mhodhanna éagsúla atá ar fáil chun go bhféadfaidh tú do shonraí clárúcháin a fhíorú. Lean na treoracha ar an leathanach My .eu, le do thoil.
  • Más rud é, le linn an phróisis fíoraithe, go n-iarrtar ort fianaise dhoiciméadach a uaslódáil, nó má roghnaigh tú an modh sin chun do chuid sonraí a bhailíochtú, cliceáil ar ‘Cuir isteach’ i ndiaidh duit do dhoiciméid a uaslódáil.
  • Má mheaitseálann na sonraí a soláthraíodh tríd an modh fíoraithe a roghnaíodh na sonraí clárúcháin, féadfar nós imeachta an fhíoraithe a thabhairt chun críche agus d’ainm fearainn a ghníomhachtú, más gá.  Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé go mbeadh ar EURid seiceáil de láimh a dhéanamh chun do chuid sonraí a fhíorú, dá bhrí sin d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí d’ainm fearainn a ghníomhachtú láithreach tar éis duit do chuid fianaise a chur isteach.
  • Má iarradh ort go sonrach a dheimhniú gur chláraigh tú d’ainm(neacha) fearainn de mheon macánta, cuir tic sa bhosca  ‘Deimhním…’ ar ardán My .eu chun é sin a dheimhniú.
  •  

Nuair chuirfimid tús le seiceáil fíoraithe ar do chuid sonraí, d’fhéadfadh sé go dtaispeánfadh stádas d’ainm fearainn ceann de na stádais seo a leanas:

  • Ciallaíonn ‘Freastalaí ar Coimeád’ go bhfuil d'fhearann neamhghníomhach go sealadach (i.e. ní fheidhmíonn aon suíomh gréasáin agus/nó aon ríomhphost atá nasctha leis) mar go bhfuil sé faoi réir imscrúdú inmheánach;
  • Ciallaíonn ‘Tarraingthe Siar’ nach bhfuil an t-ainm fearainn cláraithe níos mó, nó go mbeidh toradh imscrúdaithe inmheánaigh ar fáil. 

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi do chás, déan teagmháil linn, le do thoil, agus freagra á thabhairt agat ar an ríomhphost a fuair tú ón seoladh ríomhphoist: [email protected].