Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Comhpháirtíochtaí

Ó bunaíodh muid, táimid rannpháirteach le pobal idirnáisiúnta an Idirlín chun dea-chleachtas agus saineolas a roinnt ar an gCóras Ainmneacha Fearainn (DNS). I measc ár gcomhpháirtithe tá:

An Chomhairle um Chlárlanna Fearann Barrleibhéil na hEorpa

Is é CENTR an eagraíocht neamhbhrabúis atá tiomanta do thacaíocht a thabhairt do leas bhainisteoirí cód tíre na bhfearann barrleibhéil Eorpach (bainisteoirí cc TLD). Bíonn CENTR páirteach i bhforbairt ardchaighdeán agus dea-chleachtais agus cuireann sé iad sin chun cinn i measc chlárlanna ccTLD.

Glacaimid páirt ghníomhach i gComthionóil Ghinearálta agus i gceardlanna CENTR.

An Chorparáid Idirlín d’Ainmneacha agus d’Uimhreacha Sannta

Déanann ICANN comhordú ar fheidhmeanna Údarás Uimhreacha Sannta an Idirlín (IANA). Is iad sin na príomhsheirbhísí teicniúla atá fíorthábhachtach maidir le hoibríochtaí leantacha an DNS, leabhar seoltaí bunúsach an idirlín. Forbraíonn ICANN beartais atá bunaithe ar chomhréiteach chun Idirlíon atá seasmhach agus slán a chur chun cinn.

Tá páirt ghníomhach á glacadh againn i gcruinnithe ICANN ó 2006 i leith agus tá comhaontú clárlainne déanta againn le ICANN chun na trí TLD atá againn a bhainistiú: .eu (2005), .ею (2016) agus .ευ (2019).

Rinneamar óstáil freisin ar an 38ú cruinniú de ICANN sa Bhruiséil i mí an Mheithimh 2010, cruinniú ar éirigh thar barr leis.

Tá EURid mar bhall den Eagraíocht Tacaíochta Ainmneacha do chóid tíre (ccNSO) ó 2009 i leith agus ghlac sé páirt ghníomhach i ngrúpaí oibre ar an bPróiseas Forbartha Beartais d’Ainm Fearainn Idirnáisiúnaithe (IDN) maidir le ccTLD, agus sa Ghrúpa Staidéir ar Úsáid Ainmneacha Tíre agus Críche.

Sa chéad ráithe de 2015, chuaigh EURid i mbun Meabhrán Tuisceana (MoU) le ICANN chun tacú le hoiliúint agus dea-chleachtas DNS sa Mheánoirthear, agus mar thoradh air sin bímid ag reáchtáil seisiúin oiliúna rialta d’ionadaithe ó phobal an Mheánoirthir agus thugamar tacaíocht do sheimineáir ar ghnó clárlainne ag Ionad Tacaíochta DNS i gCaireo.

Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe

Tá UNESCO ag tacú le héagsúlacht chultúrtha, le forbairt agus comhoibriú san eolaíocht agus sa pholaitíocht, agus le saoirse cainte.

Tá EURid agus UNESCO ag cur tionscadail chomhpháirtíochta i gcrích chun rannchuidiú le cur chun cinn an ilteangachais sa chibearspás, agus iad ag díriú go sainiúil ar thaighde agus ar anailís a dhéanamh ar úsáid Ainmneacha Fearainn Idirnáisiúnta (IDNanna), ar ullmhú na Tuarascála Domhanda i gcomhar maidir le húsáid IDN, ar chomhoibriú in ullmhú d’imeachtaí i gcomhar, chomh maith le cruinnithe agus tionscadail ina mbeidh rannpháirtíocht saineolaithe ó phobail ghairmiúla agus acadúla éagsúla, ó earnáil na tionsclaíochta agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus náisiúnta eile. Shíníomar Meabhrán Tuisceana le UNESCO go luath in 2013.

Ó 2017 i leith, tá Tuarascáil Dhomhanda IDN EURid-UNESCO ar fáil ar www.idnworldreport.eu.

Fóram Rialachais Idirlín na Náisiún Aontaithe

Tugann an IGF daoine ó ghrúpaí de pháirtithe leasmhara éagsúla le chéile chun ceisteanna beartais phoiblí a bhaineann leis an idirlíon a phlé. Is fóram oscailte é an IGF a thionóltar go bliantúil le sainordú ó na Náisiúin Aontaithe.

Ó 2011 i leith, rinneamar ceardlanna ar Ainmneacha Fearainn Idirnáisiúnaithe a óstáil i gcomhar le UNESCO. In 2017, rinneamar óstáil ar cheardlann maidir leis an mbealach ar féidir le tionscal an DNS cuidiú le comhshaol níos fearr.

An Dialóg Eorpach ar Rialachas an Idirlín

Is ardán oscailte ilpháirtithe leasmhara atá sa Dialóg Eorpach ar Rialachas an Idirlín (EuroDIG) chun tuairimí maidir leis an Idirlíon agus an bealach a rialaítear é a mhalartú. Chruthaigh roinnt eagraíochtaí, ionadaithe agus saineolaithe rialtais an t-ardán in 2008 agus cothaíonn sé dialóg agus comhoibriú le pobal an Idirlín maidir le beartas poiblí don Idirlíon.

D’óstáil EURid cruinniú EuroDIG sa Bhruiséil in 2016.

An Scoil Samhraidh Eorpach ar Rialú an Idirlín

Seoladh an Euro-SSIG mar thoradh ar iarrachtaí acadóirí agus saineolaithe de chuid na Náisiún Aontaithe a d'aithin an easpa taighde acadúil agus an easpa teagaisc ar Rialú an Idirlín. Cuidíonn an Euro-SSIG le mic léinn agus le hacadóirí ar suim leo é, chomh maith le daoine a oibríonn san earnáil phríobháideach nó sa rialtas, tuiscint níos fearr a fháil ar rialú domhanda an idirlín agus eolas cuimsitheach agus struchtúrtha a fháil ar na gnéithe éagsúla a bhaineann leis.

Tá tacaíocht tugtha againn don tionscadal scoile ó 2007 i leith.

Ionad Comhordaithe Líonra Réseaux IP Européens

Is eagraíocht neamhspleách, neamhbhrabúis do bhaill é RIPE NCC a thugann tacaíocht do bhonneagar an idirlín trí chomhordú teicniúil. Cuireann RIPE fóram comhoibríoch ar fáil do gach páirtí a bhfuil suim acu i ngréasáin achair fhairsing Phrótacal Idirlín (IP) san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Freastalaíonn ionadaithe ónár bhfoireann theicniúil go rialta ar chruinnithe RIPE ar fud na hEorpa, áit a nglacann siad páirt i ngrúpaí oibre a phléann príomh-bhonneagar teicniúil an idirlín agus cuireann siad ár bhforbairtí teicniúla agus bonneagair i láthair.

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Is é EUIPO Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh atá freagrach as trádmharc an Aontais Eorpaigh a bhainistiú agus as dearadh cláraithe an Chomhphobail a bhainistiú. Tá EUIPO tiomanta d’éispéireas clárúcháin atá éasca, uilíoch agus slán a chur ar fáil do chruthaitheoirí agus do nuálaithe ag an leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Ar an 23 Meitheamh 2016, shíníomar litir chomhoibrithe, agus chuamar i gcomhar chun feasacht ar thrádmharcanna agus ar ainmneacha fearainn a mhéadú. Mar chuid dár n-iarrachtaí ar chomhoibriú, leathnaíomar ár gcuid seirbhísí amach chuig sealbhóirí trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh (EUTM) i mí na Bealtaine 2019. Féadfaidh sealbhóirí agus iarratasóirí EUTM glacadh leis an rogha foláirimh a fháil a luaithe a chláraítear ainm fearainn .eu atá mar an gcéanna leis an iarratas EUTM nó EUTM atá acu féin. Nuair a fhaigheann siad an foláireamh seo, cuirtear sealbhóirí EUTM ar an eolas i bhfad níos tapa agus féadfaidh siad gníomh oiriúnach a dhéanamh i bhfad níos túisce.