Scipeáil go dtí an príomhinneachar

Fógra dlíthiúil

Tá na téarmaí úsáide seo a leanas (“Téarmaí”) infheidhme maidir le cuairteoirí ar láithreáin ghréasáin EURid (“na Láithreáin Ghréasáin”). Léigh go cúramach iad, le do thoil, roimh na Láithreáin Ghréasáin a úsáid. Trí rochtain a fháil ar na Láithreáin Ghréasáin seo, agus trí úsáid a bhaint astu, admhaíonn tú go bhfuil na Téarmaí seo léite agat, gur thuig tú iad agus go n-aontaíonn tú a bheith faoi cheangal acu agus admhaíonn tú go gcomhlíonfaidh tú gach dlí agus gach rialachán is infheidhme. Forchoimeádann EURid an ceart chun na Téarmaí seo a leasú ó am go ham gan fógra a thabhairt, dá rogha aonair iomlán féin. Más rud é nach n-aontaíonn tú leis na Téarmaí seo, ní ceart duit na Láithreáin Ghréasáin a úsáid.

Is é EURid vzw, Telecomlaan 9, 1831 Diegem, An Bheilg, RPR Brussel - VAT BE 0864.240.405, ar comhlachas neamhbhrabúsach é arna bhunú faoi dhlí na Beilge, a fheidhmíonn na Láithreáin Ghréasáin seo.

Na Láithreáin Ghréasáin a úsáid

Ní fhéadfaidh tú na Láithreáin Ghréasáin a úsáid ach chun críche dlíthiúla amháin. Ní fhéadfaidh tú na Láithreáin Ghréasáin a úsáid:

  • ar aon slí trína sáraítear dlíthe nó rialacháin is infheidhme, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta;
  • ar aon slí atá neamhdhleathach nó calaoiseach nó lena ngabhann críoch nó éifeacht atá neamhdhleathach nó calaoiseach;
  • ar aon slí a d’fhéadfadh aon fhreastalaí ainmneacha EURid, nó an líonra (na líonraí) atá i gceangal le haon fhreastalaí den sórt sin, a dhamáistiú, a mhíchumasú, a ró-ualú nó a lagú.
  • ar aon slí arb ionann í agus gníomh clúmhillte nó drochúsáid nó sárú ceart de chuid tríú páirtí;
  • trí aon ábhar nó aon fhaisnéis, lena n-áirítear íomhánna nó grianghraif, a chuirtear ar fáil trí na Láithreáin Ghréasáin a úsáid ar aon mhodh a sháraíonn aon chóipcheart, aon trádmharc, aon phaitinn, aon rún trádála nó aon cheart dílseánaigh eile de chuid aon pháirtí;
  • chun aon ábhar atá dochrach go teicniúil (lena n-áirítear, gan teorainn, víris ríomhaire, Traígh, ríomhphéisteanna, buamaí ríomhphoist, sonraí truaillithe nó bogearraí mailíseacha nó sonraí dochracha eile) a tharchur, a sheoladh nó a uaslódáil go feasach.

Faisnéis atá ar na Láithreáin Ghréasáin

Tá na Láithreáin Ghréasáin seo á gcothabháil ag EURid chun feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoina chuid gníomhaíochtaí. Déantar aon fhaisnéis atá ar na Láithreáin Ghréasáin a sholáthar “mar fhaisnéis amháin”. D’ainneoin an chúraim a fheidhmímid agus d’ainneoin na sár-iarrachtaí a dhéanaimid, ní féidir le EURid baránta a thabhairt á rá go bhfuil an fhaisnéis atá ar na Láithreáin Ghréasáin iomlán, cruinn agus cothrom le dáta. Níl sé beartaithe gurb ionann aon fhaisnéis nó ábhar a phostáiltear ar na Láithreáin Ghréasáin agus comhairle atá le brath uirthi. Séanann EURid go sainráite aon dliteanas agus aon fhreagracht, agus gach dliteanas agus gach freagracht, a eascraíonn d’aon duine as úsáid na Láithreán Gréasáin seo nó as brath ar fhaisnéis. Má tá faisnéis ar na Láithreáin Ghréasáin ar faisnéis í a bhaineann le dlíthe nó le rialacháin nó le cinntí arna nglacadh ag údaráis phoiblí, d’fhéadfadh sé go ndearnadh na nithe sin a leasú, a aisghairm nó a ionadú ón tráth ar cuireadh ar fáil ar na Láithreáin Ghréasáin iad. Dá bhrí sin, is ceart duit brath ar an leagan oifigiúil is déanaí arna fhoilsiú ag na húdaráis sin agus ar an leagan sin amháin.

Naisc ar na Láithreáin Ghréasáin le láithreáin ghréasáin eile

D’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil faisnéis tríú páirtí agus naisc le tríú páirtithe nó le láithreáin ghréasáin de chuid tríú páirtithe ann san fhaisnéis a sholáthraítear ar na Láithreáin Ghréasáin. Ní hionann faisnéis tríú páirtí den sórt sin agus tuairim EURid agus is ar mhaithe le caoithiúlacht amháin a sholáthraítear naisc le láithreáin ghréasáin de chuid tríú páirtithe. Ní léiríonn EURid aon tuairim faoi inneachar faisnéise nó láithreán gréasáin tríú páirtithe den sórt sin ná ní féidir dliteanas a chur i leith EURid mar gheall ar inneachar den sórt sin.

Sonraí pearsanta

Tá EURid tiomanta i leith do phríobháideachta. Léigh ár bPolasaí Príobháideachta, le do thoil.

Cearta Maoine Intleachtúla

Tá na hábhair go léir atá sna Láithreáin Ghréasáin cosanta le cóipcheart nó le ceart (cearta) eile maoine intleachtúla agus is le EURid iad nó tá siad á sealbhú ag EURid faoi cheadúnas. Ní fhéadfaidh tú aon cheann de na hábhair sin a úsáid, a stóráil (ach amháin más gá sin chun breathnú ar inneachar na Láithreán Gréasáin), a atáirgeadh, a mhodhnú, a dháileadh, a dhíol nó a aistriú ar shlí eile gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ó EURid.

An dlí is infheidhme agus dlínse

Tá na Téarmaí seo agus na Láithreáin Ghréasáin á rialú go heisiach ag agus le forléiriú de réir dhlí na Beilge, gan prionsabail an dlí sin maidir le coinbhleacht dlí a chur san áireamh. I gcás díospóide beidh dlínse eisiach ag cúirteanna na Beilge.