.eu logo
.eu logo.eu logo
  • Bí i do chláraitheoir .eu
  • Support
  • WHOIS
  • My .euMy .eu
  • Faigh do .eu
  • Bainistigh do .eu
  • Ionad eolais
  • Maidir le EURid
  • Nuacht agus Imeachtaí

Na scéalta rathúla is déanaí

Orimono.eu
Orimono.eu

“De bhrí go bhfuil seoladh gréasáin .eu againn is féidir lenár gcuid custaiméirí a fheiceáil gur miondíoltóir Eorpach sinn, gné a ndéanaimid sáriarracht í a chur chun cinn.”

Fabriziobosso.eu
Fabriziobosso.eu

‘Roghnaigh mé ainm fearainn .eu mar, cé gur Iodálach mé, féachaim orm féin mar Eorpach thar aon ní eile. Baineann sé le bheith bainteach le háit go tíreolaíoch ach freisin ó thaobh dhúchas an duine.’

Crumpler.eu
Crumpler.eu

‘Tugann seoladh gréasáin .eu treoshuíomh do chustaiméirí agus léiríonn sé an dáimh atá againn lenár margaí.’

Bajo.eu
Bajo.eu

“Tá ainm fearainn .eu againn mar gur branda Eorpach sinn agus go ndíolaimid le custaiméirí Eorpacha den chuid is mó”.

Babydesign.eu
Babydesign.eu

“Roghnaíomar fearann .eu go príomha mar go ndíolaimid ár gcuid táirgí i mórán tíortha Eorpacha.”

SO.IN.G
SO.IN.G

Mar Eorpaigh, níl sa talamh a bhfuilimid inár gcónaí uirthi ach screamh thanaí a chlúdaíonn iarsmaí na sibhialtachtaí atá imithe romhainn – pé acu tithe móra Rómhánacha, tithe fada Lochlannacha, lonnaíochtaí Ceilteacha nó mórán eile thairis sin atá iontu. De ghnáth, más mian linn foghlaim ón seansaol caithfimid tochailt síos chun teacht air – ach céard faoi mura ndéanfaimis sin. Tá bealach ag SO.IN.G.

S-Cape
S-Cape

Ag siúl an Cinque Terre san Iodáil, ag rothaíocht ar na bealaí fíona nó ar fálróid trasna an Picos de Europa sa Spáinn nó ag taiscéaladh oileáin na Gréige de shiúl na gcos; níl iontu sin ach cuid de na pacáistí mealltacha i gcomhair saoire a thairgeann S-Cape Travel do thaistealaithe neamhspleácha a bhfuil saoire dea-eagraithe á lorg acu ar an bpraghas ceart. Bunaíodh an gnó eiceabhách seo in 2004 agus díríonn sé go sonrach ar shaoirí siúlóide agus rothaíochta féintreoraithe a chur ar fáil chomh maith le haistriú bagáiste i mórán tíortha Eorpacha.

Promod
Promod

”Mo stíl féin? Sin bhuel, sin, ah... Ní féidir le bean ar bith é sin a fhreagairt, tá a fhios agat,” a dúirt Laurence Mourou, ó rannán margaíochta ar líne Promod linn. “Níl aon stíl amháin againn, dar liom.” Agus is é an cur chuige eicléictiúil sin i leith faisean sofaisticiúil a thug aitheantas faoi leith do Promod.

Motioncompany
Motioncompany

Nuair a smaoiníonn tú ar raonrásaíocht carranna, is dócha go smaoiníonn tú ar luas, ar charranna le hinnealtóireacht álainn iontu ag stuáil timpeall ar shiceán, nó ar charr ag scinneadh go dána thar charr eile. B’fhéidir nach rithfeadh sé leat áfach gur gnó idirnáisiúnta ar fiú billiún Euro é atá sa raonrásaíocht carranna freisin agus go mbaineann na riachtanais chéanna leis agus a bhaineann le gnó ar bith eile.

Graci
Graci

Nuair a tháinig sé abhaile chun fíonghoirt a mhuintire a reáchtáil ar shleasa Shliabh Etna, rinne Alberto Graci an rud a mbíonn mórán daoine ag taibhreamh faoi – gnó inmharthana a dhéanamh as rud éigin a dtugann tú gean do chroí dó. Anois, reáchtálann Alberto Graci, fíonlann búitíc ar oileán na Sicile san Iodáil, a tháirgeann agus a dhíolann trí fhíon eisiacha. Níl cosúlacht dá laghad idir é seo agus an ghairm a bhí aige roimhe sin mar bhaincéir infheistíochta i dtionscal an airgeadais in Milano.

  • 1
  • 2
  • 3
  • ...
  • 6
  • 7
  • 8

Cad atá á chuardach agat?

   
logo
EMASBSI 22301BSI 27001

Teagmhálaí

European Registry for Internet Domains vzw (EURid)
Telecomlaan 9/7
1831 Diegem, Belgium
RPR Brussel – VAT BE 0864.240.405

Fiosruithe Ginearálta
Teileafón: +32 2 401 27 50
Tacaíocht ghinearálta: info@eurid.eu
Fiosruithe ón bPreas: press@eurid.eu

  • Faigh do .eu
  • Aimsigh Cláraitheoir
  • Bainistigh do .eu
  • Ionad eolais
  • Maidir le EURid
  • Bí i do chláraitheoir .eu

  • Comhaontuithe samplacha
  • Fógra dlíthiúil
  • Beartas Príobháideachta
  • RGPD
  • Bheartas fianán
  • Articles of Association
  • EURid Responsible Disclosure Policy

  • Ráiteas Inrochtaineachta
  • Gluais
  • WHOIS
  • My .eu

2005 - 2026 EURid VZW. Gach Ceart ar Cosaint