
“Tá suíomh gréasáin beag deas cruthaithe againn: generous .eu. Osclaíonn sé an margadh lasmuigh den Bheilg dúinn, isteach san Eoraip, agus go bunúsach is é an t-aon bhealach é inar féidir linn ár mbranda a roinnt leis an domhan mór lasmuigh.”

“Roghnaíomar .eu mar gur cuideachta Eorpach sinn a dhéanann gnó laistigh den Ghearmáin agus ar fud na hEorpa go léir agus feileann .eu go mór dúinn.”

“Is féidir leat teacht orainn faoi dinnerhopping.eu. Faigheann mórán daoine amach fúinn ar an Idirlíon agus chomh maith leis sin is féidir leo a gcuid ticéad a cheannach ar an Idirlíon.”

“Tá .eu tábhachtach dúinn mar go bhfuil rochtain ar ealaín i bhfad níos éasca ná 10, 15, 20 bliain ó shin."

“De bhrí go bhfuil an-tábhacht ag baint le cumarsáid, thugamar ár URL isteach sa lógó. Tuigeann gach duine gur cuideachta atá bunaithe ar an idirlíon í seo, gur cuideachta atá bunaithe san AE í. Tugann an chuideachta seo aghaidh ar an Eoraip.”

“Is é .eu an uirlis is fearr atá againn chun ár sainiúlacht mar chuideachta Eorpach a fhás agus ár ngó a leathnú sa mhargadh uile-Eorpach.”

“Faoi mar a thugann an t-ainm le fios is iris Eorpach é Mountainblog Europe agus dá bhrí sin tá síneadh Eorpach aige.”

“Cé gur san Iodáil atá ár ngnó lonnaithe tá custaiméirí againn ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, sin an fáth a n-oireann .eu chomh maith sin dúinn"

“tugann .eu le fios go bhfuil tú “Eorpach”, go bhfuil aigne oscailte agat.”

“Cuireann seoladh gréasáin .eu ar ár gcumas ár ngnó a leathnú ar fud na hEorpa”

“Rogha nuálach ba ea .eu chun íomhá níos idirnáisiúnta a léiriú i gcomparáid leis an iarmhír a bhí ag an láithreán gréasáin roimhe sin.”

“De bhrí go bhfuil seoladh gréasáin .eu againn is féidir lenár gcuid custaiméirí a fheiceáil gur miondíoltóir Eorpach sinn, gné a ndéanaimid sáriarracht í a chur chun cinn.”