Léigh, le do thoil, na Téarmaí agus Coinníollacha maidir le hainmneacha fearainn faoi na hiarmhíreanna .eu, .ею (script Choireallach) nó .ευ (script Ghréagach) agus an Rialachán .eu (2019/517) lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán 733/2002 agus lena n-aisghairtear Rialachán 874/2004.
Féadfaidh ceann ar bith díobh seo a leanas clárúcháin ainm fearainn .eu a iarraidh:
Sula ndéanann tú ainm fearainn a chlárú, féadfaidh tú seiceáil ar ár WHOIS gréasánbhunaithe féachaint an bhfuil an t-ainm fearainn a theastaíonn uait ar fáil. Tá ainm fearainn ar fáil le haghaidh clárúcháin ar an gcoinníoll:
Ní féidir d’ainm fearainn a chlárú ná a athnuachan ach amháin trí Chláraitheoir Creidiúnaithe.
Ní mheasfar go bhfuil clárúchán d’ainm fearainn comhlán ach amháin nuair a thugtar an t-eolas seo a leanas nuair a dhéantar an clárúchán:
Ní mór duit seoladh ríomhphoist atá ag feidhmiú a sholáthar chun cumarsáid a fháil uainne agus/nó ó sholáthraí ADR. Mura bhfuil an seoladh a sholáthraítear ag feidhmiú, tá sé de chead againn d’ainm fearainn a chúlghairm.
Má athraíonn do shonraí teagmhála, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le do chláraitheoir chun do chuid eolais a uasdátú láithreach. Ní féidir do shonraí clárúcháin a uasdátú go díreach linne.
Is féidir leat do shonraí clárúcháin a sheiceáil ag am ar bith ach logáil isteach ar my.eurid.eu.
D’fhéadfadh sé go mbeadh clárúchán d’Ainm Fearainn faoi réir fhíorú do shonraí clárúcháin agus/nó faoi réir seiceálacha slándála sa bhreis ag am ar bith. D’fhéadfaí fíorú a iarraidh sula gcuirfear d’ainm fearainn san áireamh sa chrios .eu, .ею nó .ευ agus é ag feidhmiú nó ina dhiaidh sin. Léigh tuilleadh ar an leathanach tiomnaithe ina mínítear ár dtionscadal um Cháilíocht Sonraí agus um Aithne a Chur ar Do Chustaiméir.
Ina theannta sin, cuimhnigh ar na rialacha sin nuair atá cinneadh á dhéanamh agat faoin ainm fearainn ar mian leat é a chlárú:
Ní mór do d'ainm a bheith ar a laghad dhá (2) charachtar ar fad (gan an iarmhír .eu san áireamh ná a chuid malairtí i scripteanna eile) i ndiaidh litreacha beaga a dhéanamh de cheannlitreacha agus iad a athfhormáidiú. Má theastaíonn uait IDN a chlárú cuir an riail seo i bhfeidhm sula dtiontaíonn tú d'ainm go teaghrán ACE. Meastar roinnt ainmneacha bheith fós róghearr cé go bhfuil dhá charachtar iontu. Seo de bharr gur féidir teaglamaí áirithe le dhá charachtar a léiriú mar aon charachtar Unicode amháin freisin.
Ní féidir le d’ainm fearainn a bheith níos faide ná 63 carachtar (gan an iarmhír .eu san áireamh ná a chuid malairtí i scripteanna eile) i ndiaidh litreacha beaga a dhéanamh de cheannlitreacha agus normalú a bheith déanta agus tar éis d'ainm a thiontú ina teaghrán ACE.
Tosaíonn an téarma ar dháta clárúcháin d’ainm fearainn agus tá sé sa réimse ó aon (1) bhliain go deich (10) mbliana, mura gcomhaontaítear a mhalairt. Déantar an téarma a athnuachan go hintuigthe ar feadh tréimhsí leantacha de aon (1) bhliain. Téann ainmneacha fearainn a chláraítear ar an 29 Feabhra in éag i gcónaí ar an 28 Feabhra.
I gcomhréir le Rialachán (AE 2019/517 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1862 ón gCoimisiún tá líon d’ainmneacha .eu, .ею agus .ευ bactha ag Ballstáit de chuid AE, nó ag an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin. D’fhéadfadh sé gur cuireadh bac orthu freisin mar go gcuimsíonn siad cóid Alpha 2 ISO, ar cóid dhá litir iad a aithnítear go hidirnáisiúnta chun tíortha agus críocha a shannadh.
Ciallaíonn sé sin nach féidir na hainmneacha fearainn sin a chlárú. Is féidir leat an liosta d’ainmneacha bactha a fheiceáil anseo.
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/517 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1862 ón gCoimisiún, tá líon ainmneacha fearainn .eu, .ею agus .ευ curtha in áirithe le húsáid ag Ballstáit AE, ag an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin, EURid nó Coimisiún an Aontais Eorpaigh.
Más mian le heagraíochtaí nó le daoine aonair ainm atá curtha in áirithe a chlárú, d’fhéadfadh an tÚdarás Clárúcháin Náisiúnta, faoi seach, smaoineamh, i gcúinsí eisceachtúla, ar an ainm atá in áirithe a ghníomhachtú thar ceann an iarratasóra. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an ngnás gníomhachtaithe d’ainmneacha atá in áirithe.