.eu logo
.eu logo.eu logo
  • Bí i do chláraitheoir .eu
  • Support
  • WHOIS
  • My .euMy .eu
  • Faigh do .eu
  • Bainistigh do .eu
  • Ionad eolais
  • Maidir le EURid
  • Nuacht agus Imeachtaí

Chun a bheith i do chláraitheoir creidiúnaithe

Fáilte chuig pobal chláraitheoirí creidiúnaithe .eu, áit ar féidir le do ghnó a thionchar a leathnú i margadh fearainn na hEorpa agus ag an am céanna a sholáthraíonn seirbhísí clárúcháin fearainn atá slán agus ar ardchaighdeán.

Má ghlacann tú páirt sa líonra iontaofa seo, geallann tú go gcloífidh tú le hardchaighdeáin maidir le tacaíocht do chustaiméirí, cobhsaíocht airgeadais, agus saineolas teicniúil.

Mar chláraitheoir creidiúnaithe .eu, cuirfidh tú ainmneacha fearainn ar fáil do do chliaint faoi fhearann barrleibhéil (TLD) .eu chomh maith lena chuid athróg i scripteanna eile (.ею agus.ευ).

Thíos faoi seo, gheobhaidh tú an t-eolas ar fad a bheidh de dhíth ort faoin bpróiseas creidiúnaithe, faoi na critéir nach mór duit iad a shásamh agus conas d’iarratas a chur isteach.

Sin é – tá tú réidh anois chun tús a chur le d’aistear mar bhall luachmhar de líonra .eu.

Na príomhbhuntáistí a bhaineann le bheith ag obair le EURid

Próiseas creidiúnaithe atá simplí agus tapa

Soláthraíonn EURid próiseas creidiúnaithe atá simplí agus mar thoradh air sin tá sé éasca a bheith páirteach inár líonra de chláraitheoirí iontaofa agus níl mórán trioblóide ag baint leis.

Bainistíocht cuntas thiomnaithe

Tá do bhainisteoir idirchaidrimh ansin chun oibríochtaí gan cháim agus cúnamh leanúnach a chur ar fáil, atá in oiriúint do na riachtanais atá agat.

Tacaíocht theicniúil

Bain tairbhe ar ár dtacaíocht theicniúil thiomnaithe, atá ar fáil chun cabhrú le ceisteanna nó fadhbanna ar bith a bhaineann leis an bhfearann.

Ardán Eislín na gCláraitheoirí

Bain buntáiste as rochtain ar uirlisí um bainistiú cuíchóirithe ar phunann fearainn le heislíon cláraitheoirí atá slán agus cosanta ag pasfhocal.

Deiseanna i gcomhair fáis agus líonrú

Bain tairbhe as imeachtaí eisiacha líonraithe agus as tionscnaimh éagsúla de chuid .eu chun cabhrú leat do shuíomh sa mhargadh a neartú.

Ranganna teagaisc trí sheimineáir ghréasáin agus físeáin

Feabhsaigh do chuid eolais ar dhea-chleachtais agus ar ghnéithe córais agus úsáid á baint agat as ár seisiúin oiliúna bheo agus thaifeadta.

Deiseanna eisiacha i gcomhair lascaine

Bain buntáiste as réimse de roghanna lascaine atá ar fáil do chlárúcháin nua agus d’athnuachaintí

Gnéithe sábháilteachta atá láidir

Soláthraíonn EURid slándáil atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán duit féin agus do na cliaint atá agat.

Próiseas creidiúnaithe i gcúig chéim

Céim 1: Léigh an Comhaontú Cláraitheora Creidiúnaithe

Mar chláraitheoir creidiúnaithe ní mór duit rialacha an Comhaontú Cláraitheora Creidiúnaithe de chuid EURid a chomhlíonadh agus na critéir chreidiúnaithe a shásamh, mar sin léigh an Comhaontú Cláraitheora Creidiúnaithe sula gcuireann tú isteach.

Céim 2: Seol iarratas ar chreidiúnú chuig EURid

Má shásainn tú na critéir chreidiúnaithe agus má tá suim agat a bheith creidiúnaithe, seol ríomhphost chugainn, le do thoil, ina mbeidh ainm do chuideachta, uinhir chláraithe do chudeachta/uimhir aitheantais CBL agus an seoladh agreement@eurid.eu.

Céim 3: Comhlánaigh an fhoirm iarratais ar líne

I ndiaidh measúnú tosaigh, seolfaidh EURid nasc chuig an bhfoirm iarratais chugat. Comhlánaigh an fhoirm ar líne agus glac le Téarmaí an Chomhaontaithe Cláraitheora Creidiúnaithe.

Céim 4: Seiceáil incháilitheachta

Déanfaidh EURid athbhreithniú ar d’iarratas agus cuirfidh siad tuilleadh eolais ar fáil duit maidir leis an bhfianaise dhoiciméadach a theastaíonn chun du lar aghaidh leis an bpróiseas creidiúnaithe.

Céim 5: Déan do réamhíocaíocht

Nuair a bheidh d’iarratas ceadaithe ag EURid, cuirfimid tús leis an gComhaontú. Sula dtosaíonn tú ag clárú agus ag bainistiú ainmneacha fearainn, éilímid ort a reámhíocaíocht de 2,500 Euro a dhéanamh. Nuair a bheidh an íocaíocht déanta, measfar go bhfuil do chomhaontú sínithe.

Critéir chreidiúnaithe

Chun cáiliú do chreidiúnú mar chláraitheoir agus chun a bheith údaraithe chun ainmneacha fearainn a thairiscint faoi Fhearann Barrleibhéil .eu agus a chuid athróg i scripteanna eile (.ею agus .ευ), tá ort na critéir seo a leanas a shásamh:

  1. Cuireann tú cruthúnas oifigiúil ar ghnó ar fáil, trí dhoiciméid chuí a sholáthar nuair a iarrtar iad.

  2. Coimeádann tú do shuíomh gréasáin oibríochtúil féin i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Aontais Eorpaigh, ina mbeidh:

  • do shonraí aitheantais go léir (amhail ainm oifigiúil na cuideachta, foirm dhlíthiúil, uimhir chlárúcháin, seoladh, teileafón, seoladh ríomhphoist agus suíomh gréasáin)
  • eolas soiléir ar na seirbhísí agus ar an bpraghsáil atá á dtairiscint agat
  • seiceáil ar infhaighteacht fearainn nó nasc chuig whois.eurid.eu.
  1. soláthraíonn tú tacaíocht chustaiméara do chláraitheoirí tríd an teileafón, ríomhphost, comhrá nó ar bhealach eile i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh faoi mar atá léirithe ar ár suíomh gréasáin nó in ábhair ghnó ábhartha eile.

  2. Barántaíonn tú go gcuirtear Téarmaí agus Coinníollacha EURid ar fáil do na cláraithe agus go nglacann siad leo.

  3. Tá inniúlacht theicniúil agat chun na seirbhísí um chlárú ainmneacha fearainn a fheidhmiú agus tacú leo ar bhealach gairmiúil.

  4. Deimhníonn tú go bhfuil** dea-chlú ó thaobh airgeadais **ort trí dhoiciméid ábhartha a sholáthar nuair a iarrtar iad.

  5. Déanann tú réamhíocaíocht de 2,500 EUR ar a laghad (dhá mhíle cúig chéad Euro).

  6. Nuair a bheidh tú creidiúnaithe déanfaidh tú idirbhearta níoctha ar 500 EUR (cúig chéad Euro) ar a laghad in aghaidh na bliana.

Chun cur síos níos mionsonraithe a fháil léigh Comhaontú Cláraitheora Creidiúnaithe de chuid EURid

Réamhíocaíocht

Ag am an chreidiúnaithe, iarrfar ort réamhíocaíocht íosta de 2 500 euro a dhéanamh. Tabhair do d’aire nach mór go mbeadh íosmhéid de 2 500 euro i do chuntas chun ainmneacha fearainn a chlárú agus a bhainistiú faoi .eu nó a chuid athróg i scripteanna eile.

A luaithe a thosaíonn tú ag clárú ainmneacha fearainn, cuirfimid sonrasc míosúil chugat ina mbeidh cur síos ar ghníomhaíocht le linn na míosa roimhe sin. Nuair a íoctar an sonrasc tabharfar an t-iarmhéid i do chuntas cláraitheora ar ais go dtí an leibhéal réamhíocaíochta a bhí agat i dtús báire.

Iaríocaíocht

Má bhí tú

  • i do chláraitheoir creidiúnaithe le EURid ar feadh breis agus dhá bhliain,
  • Má tá cuntas bainc Eorpach agat agus *Má tá tú faoir réir an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA),

tá sé de rogha agat athrú ó shocrú cuntais um réamhíocaíocht go dtí socrú cuntais um iaríocaíocht. Má baineann tú feidhm as socrú iaríocaíochta ní bheidh ort do shonrasc a íoc de láimh feasta ná breis airgid a chur i do chuntas gach mí chun an t-íosleibhéal íocaíochta a shásamh mar go bhfaighfear na cistí sin le dochar díreach ó do chuntas bainc.

Má shásaíonn tú na riachtanais thuasluaite, is féidir an t-athrú a chur i gcrích má chuireann tú foirm shainordaithe isteach ar registry.eu. Ní mór go mbeadh eolas IBAN agus BIC a bhaineann leis an gcuntas bainc ábhartha chomh maith le roinnt eolais phearsanta ar an bhfoirm shainordaithe.

Táillí idirbhirt

Baineann na táillí atá liostaithe thios le cláraitheoirí creidiúnaithe EURid agus leo siúd amháin. Má tá tú ag smaoineamh ar ainm fearainn .eu (nó a chuid athróg i scripteanna eile) a chlárú nó más sealbhóir ainm fearainn thú, déan teagmháil, le do thoil le do chláraitheoir chun eolas a fháil maidir lena dtáillí clárúcháin agus a dtáillí d’idirbhearta eile.

Glasáil clárlainne€10 sa bhliain in aghaidh gach ainm fearainn
Bulcaistriú punanna ainmneacha fearainn (íosmhuirear de €500)*€0.25 pin aghaidh gach ainm fearainn
Aistriú dlíthiúil€4.25
Ainm fearainn atá ar coraintín a aistriú€4.25
Ainm fearainn a aistriú€4.25
Síneadh leis an téarma€4 do gach bliain sínidh
Athghníomhachtú ó Choraintín€4
Athnuachan (gearrtha go bliantúil)€4 sa bhliain i rith an téarma clárúcháin
Clárúchán€4.25 don chéad bhliain den téarma clárúcháin

* *Saor in aisce i gcás táthcheangal iomlán agus foirceannadh an chuntais a tugadh

Cad atá á chuardach agat?

   
logo
EMASBSI 22301BSI 27001

Teagmhálaí

European Registry for Internet Domains vzw (EURid)
Telecomlaan 9/7
1831 Diegem, Belgium
RPR Brussel – VAT BE 0864.240.405

Fiosruithe Ginearálta
Teileafón: +32 2 401 27 50
Tacaíocht ghinearálta: info@eurid.eu
Fiosruithe ón bPreas: press@eurid.eu

  • Faigh do .eu
  • Aimsigh Cláraitheoir
  • Bainistigh do .eu
  • Ionad eolais
  • Maidir le EURid
  • Bí i do chláraitheoir .eu

  • Comhaontuithe samplacha
  • Fógra dlíthiúil
  • Beartas Príobháideachta
  • RGPD
  • Bheartas fianán
  • Articles of Association
  • EURid Responsible Disclosure Policy

  • Ráiteas Inrochtaineachta
  • Gluais
  • WHOIS
  • My .eu

2005 - 2026 EURid VZW. Gach Ceart ar Cosaint