Is prótacal slándála Idirlín é DNSSEC, nó Breisithe Slándála Chóras na nAinmneacha Fearainn, a chuidíonn an seans a laghdú go gcuirfear cuairteoirí chuig do láithreán gréasáin ar aghaidh chuig leathanach gréasáin bhréige má chuireann siad seoladh do láithreáin ghréasáin atá cosanta ag teicneolaíocht DNSSEC, isteach ina mbrabhsálaí.
Nuair a chuardaíonn tú ainm fearainn, nó URL, cuimsíonn an próiseas seo sraith ceisteanna agus freagraí am ar bith a seolann do bhrabhsálaí iarratas chun an láithreán gréasáin atá á chuardach a aimsiú. Ach an féidir le do bhrabhsálaí muinín a bheith aige as an bhfreagra a fhaightear? Conas a bhíonn a fhios aige nach bhfuil an freagra mionathraithe ag tríú páirtí?
Le DNSSEC, is féidir le brabhsálaithe agus freastalaithe ainmneacha a sheiceáil cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na freagraí a fhaigheann siad barántúil. Ciallaíonn sé seo go bhfuil seans níos lú ann go ndéanfar úsáideoirí Idirlín a atreorú chuig láithreáin ghréasáin dhroch-intinne.
Oibríonn DNSSEC trí fhreagraí a sheiceáil ag gach leibhéal d'infreastruchtúr an Idirlín, ar a dtugtar Córas na nAinmneacha Fearainn, nó DNS. Téann gach leibhéal den infreastruchtúr in urrús ar an leibhéal os a chionn trí rud ar a dtugtar "slabhra muiníne".
Tabhair faoi deara nach bhfuil an tseirbhís seo ar fáil ó gach cláraitheoir faoi láthair.
Féadfar an tSeirbhís Glasála Clárlainne a úsáid chun leibhéal sábháilteachta níos airde a sholáthar d’ainmneacha fearainn. Ceapadh é chun an fhéidearthacht a bhaineann le hathruithe, scrios nó aistrithe neamhbheartaithe a mhaolú Leis an tSeirbhís Glasála Clárlainne, féadfaidh tú leas a bhaint as an leibhéal slándála is airde do na hainmneacha fearainn is luachmhaire agus is feiceálaí atá agat.
Tabharfaidh an tSeirbhís Glasála Cláraitheora cosaint do d’ainm fearainn ó athruithe timpisteacha freisin, ach is é an difríocht idir an tseirbhís sin agus an Ghlasáil Clárlainne ná gur féidir ainm fearainn glasáilte a aistriú fós féin le cód údaraithe a fuarthas trí chuntas My .eu nó le cód údaraithe éigeandála a fuarthas ó EURid.
Ní féidir leat an dá sheirbhís a úsáid ag an am céanna. Beidh an lámh in uachtar ag Glasáil Clárlainne ar an tseirbhís Glasála Cláraitheora i gcónaí.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun leas a bhaint as ár Seirbhísí Glasála, déan teagmháil le do chláraitheoir, le do thoil, agus beidh an cláraitheoir in ann a dheimhniú an soláthraíonn siad seirbhísí den chineál sin nó nach soláthraíonn. Is féidir leat an liosta de chláraitheoirí creidiúnaithe a chuardach de réir teanga, tíre nó seirbhíse.