Má tá éileamh agat ar ainm fearainn .eu, .ею nó .ευ nó más mian leat an clárúchán atá aige cheana féin a dhíospóid seo an méid a chaithfidh tú a dhéanamh:
Má tá fadhb agat le hainm fearainn eu ar leith agus más mian leat teagmháil a dhéanamh lena shealbhóir, is féidir leat a shonraí teagmhála a fháil ar ár WHOIS gréasánbhunaithe.
Torthaí cuardaigh WHOIS gréasánbhunaithe do chuideachtaí i gcomparáid le daoine príobháideacha
Más eintiteas dlíthiúil é sealbhóir an ainm fearainn, feicfidh tú a ainm clárúcháin, a sheoladh (cathair, tír) chomh maith lena sheoladh ríomhphoist agus a rogha theanga chomhfhreagrais.
Más duine nádúrtha é sealbhóir an ainm fearainn, ní fheicfidh tú ach a sheoladh ríomhphoist agus a rogha theanga chomhfhreagrais. Beidh gach sonra pearsanta eile folaithe ar chúiseanna príobháideachta.
Chun tuilleadh eolais a fháil, seiceáil ár mbeartas WHOIS.
Iarratas a dhéanamh ar nochtadh sonraí pearsanta
Má tá cúis dhlisteanach agat chun sonraí teagmhála breise a fháil seachas na cinn a chuirtear ar fáil tríd an WHOIS gréasánbhunaithe, comhlánaigh an Fhoirm iarratais um Nochtadh Sonraí Clárúcháin agus seol ar ríomhphost í chuig legal@eurid.eu. Ní mór go míneofá i d’iarratas an chúis a dteastaíonn sonraí teagmhála an tsealbhóra uait agus an chaoi a bhfuil sé ar intinn agat iad a úsáid.
Déantar nochtadh sonraí Clárúcháin a bhainistiú ar bhonn an Bheartais um Nochtadh Sonraí Clárúcháin agus an Bheartais Príobháideachta.
I gcás gur mian leat clárúchán ainm fearainn a dhíospóid, is féidir leat a chlárúchán a cheistiú tríd an bpróiseas um Réiteach Malartach Díospóidí (ADR) nó trí imeachtaí cúirte.
Chun clárúchán ainm fearainn a cheistiú tríd an ADR ní mór duit réamhcheart a bheith agat i leith an ainm fearainn (e.g. trádmharc, trádainm, ainm cuideachta, sloinne, etc) agus ní mór duit a thaispeáint go bhfuil sé cláraithe ag an sealbhóir ainm fearainn reatha nó go bhfuil sé á úsáid chun críocha fiontracha nó maslacha.
Bealach malartach is ea ADR chun díospóidí maidir le hainmneacha fearainn a réiteach. Roghnaíonn formhór na ndaoine a ndíospóidí a réiteach trí ADR mar go mbíonn sé níos tapa agus níos áisiúla go hiondúil ná gnáthimeacht cúirte.
Déantar ADR d’ainmneacha fearainn .eu (nó a chuid athróg i scripteanna eile) a thairiscint agus is féidir é a thionscnamh trí:
nó
Lárionad Eadrána agus Idirghabhála (WIPO Center)
Ní ghlacann sé ach cúpla céim chun nós imeachta um Réiteach Malartach Díospóidí (ADR) a thosú:
Chun cás nó nós imeachta a thosú, roghnaigh do sholáthraí ADR, ar féidir leis a bheith ina Ionad CAC nó WIPO.
Nuair a bheidh do sholáthraí ADR roghnaithe agat, is féidir leat do ghearán a chomhdú trína suíomh gréasaín faoi seach. Le linn an phróisis sin, ní mór duit sonraí do ghearáin agus na hargóintí a thacaíonn le do chás a sholáthar. Beidh deis agat freisin aon fhianaise ábhartha a chur leis.
D’fhéadfadh sé gur i scríbhinn a bheadh cinneadh na bpainéalaithe ADR agus cuirfear in iúl duit é laistigh de 5 lá i ndiaidh don chinneadh a bheith déanta.
Déanfaidh EURid cinneadh ADR a fheidhmiú tríd an ainm fearainn atá cláraithe leis an sealbhóir ainm fearainn reatha a choinneáil, nó an t-ainm fearainn a aistriú chuig an ngearánaí, nó an t-ainm fearainn a chur ar fáil i gcomhair clárúchán ginearálta ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce.
Baineann táillí éagsúla le nós imeachta ADR ag brath ar líon na bpainéalaithe agus ar líon na n-ainmneacha fearainn atá bainteach leis an díospóid. Chun teacht ar liosta iomlán agus cothrom le dáta de tháillí ADR, féach suíomh gréasáin sholáthraí an ADR faoi seach:
Má bhuann tú do chás:
Má bhuann tú an cás agus má tá tú incháilithe chun ainmneacha fearainn a chlárú faoi .eu nó a chuid athróg i scripteanna eile, aistreofar an t-ainm fearainn chugatsa. Déanfaidh an Chlárlann teagmháil leat ar ríomhphost maidir leis an nós imeachta aistrithe i ndiaidh na tréimhse achomhairc 30 lá.
Mura bhfuil tú incháilithe chun ainmneacha fearainn a chlárú faoi .eu nó a chuid athróg i scripteanna eile, déanfar an t-ainm fearainn a aisghairm i ndiaidh 30 lá.
Má chailleann tú an cás:
Tá rialuithe ADR ceangailteach de réir dlí, agus cuirfidh EURid an cinneadh i bhfeidhm mura roghnaíonn tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh trí ghnáthchúirt dlí.
Má roghnaíonn tú achomharc a dhéanamh, cuir é sin in iúl do EURid, le do thoil, laistigh den tréimhse achomhairc 30 lá.
Tá nós imeachta ADR inrochtana agus baineann costas íseal leis. Is féidir é a thionscnamh agus a reáchtáil go hiomlán ar líne, mar sin ní gá duit taisteal;
Tá nós imeachta ADR níos saoire mar rogha ná imeacht i ngnáthchúirt;
Réitíonn painéalaithe, ar saineolaithe iad maidir le cearta maoine intleachtúla, díospóidí ADR;
Déantar nósanna imeachta ADR a reáchtáil i dteanga shealbhóir an ainm fearainn (mar a thaispeántar sa WHOIS gréasánbhunaithe), ach mar ghearánaí, is féidir leat freisin iarratas a dhéanamh chun aistriú chuig teanga oifigiúil eile den chuid AE;
Tógann sé trí mhí ar an meán chun nósanna imeachta ADR a réiteach.