Cuideachta neamhbhrabúis is ea EURid, atá cláraithe sa Bheilg agus atá struchtúrtha mar eagraíocht bhallraíochta. Tá cur síos inár n-airteagail chomhlachaisar an mbealach a rialaítear ár n-eagraíocht.
Is iad na príomhstruchtúir rialachais atá ag EURid ná a chuid ball, a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Straitéiseach. Toghann na baill an Bord Stiúrthóirí, agus déanann siadsan maoirseacht ar fhoireann bainistíochta agus ar oibríochtaí EURid.
Cheap an Coimisiún Eorpach EURid chun fearann barrleibhéil .eu agus a chuid athróg i dteangacha eile a bhainistiú in 2003. Tá príomhghnéithe a chuid rialacha maidir le rialachas agus beartas poiblí leagtha amach sa reachtaíocht phríomha (is é Rialachán 2019/517an ceann is déanaí), agus déanann an Coimisiún Eorpach maoirseacht ghéar orthu sin. Is ag an gCoimisiún atá an chumhacht deiridh i dtaca le prionsabail a shainiú chun TLD .eu a fheidhmiú (critéir incháilitheachta maidir le hainmeacha fearainn .eu a chlárú san áireamh), an chlárlann a shonrú, agus maoirseacht a dhéanamh ar an gclárlann.
Ballraíocht
Féadfaidh aon eagraíocht neamhthráchtála a bhfuil leas páirtí leasmhair uile-Eorpach aici san Idirlíon ballraíocht a ghlacadh in EURid.
I measc na mball reatha tá Euroconsumers, Business Europe, eCommerce Europe, SME united, Interactive Advertising Bureau, ECTA, Comhairle na gCumann Gairmiúil Eorpach Faisnéisíochta (CEPIS), agus roinnt de na clárlanna ainmneacha fearainn neamhbhrabúis de chuid na hEorpa.
Le chéile, baill Chomhthionól Ginearálta EURid. Feidhmíonn an Comhthionól Ginearálta na gnáthfhreagrachtaí a bhaineann le rialachas corparáideach, an chumhacht stiúrthóirí boird a cheapadh agus a bhriseadh san áireamh, ina measc sin an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach chomh maith le hiniúchóirí na cuideachta. Tá vóta amháin ag gach ball sa chomhthionól ginearálta.
Féadfaidh an Bord suas le triúr ball neamhspleách a cheapadh.
Bord Stiúrthóirí
Is é an Bord Stiúrthóirí an comhlacht ar a bhfuil an fhreagracht dlíthiúil deiridh maidir le EURid. Cuimsíonn an Bord triúr stiúrthóirí aonair ar a laghad agus seachtar stiúrthóir ar a mhéad. Féadfaidh an Bord beirt stiúrthóirí neamhspleácha ar a mhéad a bheith air.
Ceapann an Bord Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach EURid i measc a chuid ball.
Níl an Bainisteoir Ginearálta mar bhall den Bhord, ach bíonn sé nó sí páirteach i gcruinnithe an Bhoird in éineacht le baill eile den fhoireann bainistíochta de réir mar is gá.
Is as ballraíocht EURid a roghnaítear stiúrthóirí an Bhoird. Féadfaidh gach ball iarrthóir amháin a ainmniú óna n-eagraíocht féin. Is téarma in-athnuaite suas le ceithre bliana atá i dtionacht stiúrthóir boird.
Tagann an bord le chéile ceithre huaire sa bhliain ar a laghad, agus tá beartais bunaithe aige chun coimhlint leasa, rialachas corparáideach agus rúndacht a bhainistiú.
Féach ar bhuaicphointí an chruinnithe is déanaí a bhí ag an mBord Stiúrthóirí.
Coiste Straitéiseach
Grúpa ina bhfuil páirtithe leasmhara iomadúla is ea an Coiste Straitéiseach agus cuireann sé comhairle ar an bhfoireann bainistíochta maidir le ceisteanna straitéiseacha a bhaineann le bainistiú, eagrú agus riar TLD .eu, ceisteanna a bhaineann le cibearshlándáil agus cosaint sonraí san áireamh.
Cuireann sé comhairle ar fáil freisin maidir lena bheartais agus maidir le luachanna Eorpacha a chur chun cinn go rathúil. Cuimsíonn an Coiste an Bord, baill agus páirtithe leasmhara neamhspleácha.
Cuimsíonn an Coiste Straitéiseach ionadaí amháin ó gach ball, agus triúr iarrthóirí neamhspleácha ar a mhéad. Tá baill an Bhoird ina mbaill den Choiste Straitéiseach sa ghnáthchúrsa.
Is í Sandra Hoferichter an Rúnaí Ginearálta ar an gComhphlé Eorpach ar Bhainistíocht an Idirlín (EuroDIG), IGF na hEorpa. Mar bhall boird de Medienstadt Leipzig e.V., eagraíocht neamhbhrabúis de chuid na Gearmáine, ghlac sí páirt i ngnóthaí a bhain le Bainistíocht an Idirlín in 2006 trí chomhordú a dhéanamh, inter alia, ar an Scoil Samhraidh Eorpach um Bainistíocht an Idirlín (EuroSSIG), ICANN Studienkreis nó cruinnithe saineolaithe ar Idirlíon na nEarraí. Tá céim san Ailtireacht ag Sandra ó Ollscoil Eolaíochtaí Feidhmeacha Leipzig (HTWK) agus bhí sí ag obair mar Ailtire féinfhostaithe ó 1997 go dtí 2011.
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2009 i leith, tá Pedro Oliveira ina Stiúrthóir ar Ghnóthaí Dlíthiúla ag BusinessEurope. Sa bhreis ar a bheith i gceannas ar an roinn, déileálann sé le gnóthaí tomhaltóirí, rochtain ar cheart, dlí na gcuideachtaí agus rialachas corparáideach. Faoi láthair, tá Pedro ina cheannaire ad interim freisin ar Roinn an Mhargaidh Inmheánaigh in BusinessEurope, roinn a oibríonn ar réimse ceisteanna. I measc na gceisteanna sin tá an Geilleagar Digiteach agus Iompar agus Rialáil níos Fearr, i measc nithe eile. Bhí sé ina chomhalta de ghrúpaí éagsúla saineolaithe/páirtithe leasmhara i dtaca le réiteach díospóidí ar líne, dlí Eorpach na gconarthaí agus uirlisí comparáide. Sula ndeachaigh sé le BusinessEurope, bhí sé ag obair ag Coláiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg) mar thaighdeoir dlí. Is dlíodóir cáilithe é Pedro a bhí ag obair i gcomhlacht dlíodóirí i Liospóin ar feadh trí bliana. Tá céim sa dlí aige ó Universidade Nova de Lisboa. Ina theannta sin, tá dhá chéim mháistir aige: i ndlí na baincéireachta ó Universidade de Lisboa agus Máistreacht sa Dlí Eorpach ó ULB sa Bhruiséil. Is í an Phortaingéilis an mháthairtheanga atá ag Pedro agus tá Béarla, Ollainnis, Spáinnis agus Fraincis líofa aige.
Is speisialtóir in earnáil na teileachumarsáide, an idirlín agus na maoine intleachtúla é Marco Pierani. Faoi láthair, déanann sé bainistíocht ar ghnóthaí poiblí agus ar chaidreamh leis na meáin do Euroconsumers, an grúpa eagraíochtaí tomhaltóirí is mó san Eoraip. Tar éis dó oibriú mar dhlíodóir ar dhlí an idirlín, ríomhthráchtáil agus teileachumarsáid, bhí sé ina cheannasaí ar Ghnóthaí Eachtracha do Altroconsumo, eagraíocht tomhaltóirí atá lonnaithe in Milano, áit a ndearna sé bainistíocht ar an oifig um chaidreamh seachtrach agus ar an oifig institiúideach araoin. In 2011, ceapadh é mar chomhalta ar bhord na heagraíochta. Tá céim LL.M. i nDlí an Ghnó Eorpaigh ag Marco atá dírithe ar an Dlí Trasnáisiúnta.
Tá Luc Hendrickx ina Stiúrthóir ar Pholasaí Fiontraíochta agus ar Chaidreamh Seachtrach ag SME United ó 2000. Tá sé freagrach as polasaí SME, rialáil níos fearr, gnóthaí dlí, ceisteanna a bhaineann leis an margadh inmheánach, comhaid a bhaineann le TFC , cuntasaíocht agus miondíol, turasóireacht, trádáil freagracht shóisialta chorparáideach. Roimhe sin, bhí sé ina chomhalta de bhord an rialtais ag Aire Comhshaoil agus Fostaíochta Fhlóndras. Idir 1992 agus 1998. bhí sé ina ollamh ag Ardscoil Eacnamaíochta Fhlóndras (VLEKHO) sa Bhruiséil. Thosaigh sé a ghairm in 1986 mar fhear díolacháin i siopa déan féin é a dheirféar sula ndeachaigh sé le UNIZO, eagraíocht SME sa Bheilg, mar Chomhairleoir Dlí in 1989. Tá céim sa dlí ag an Uasal Hendrickx ó Ollscoil Chaitliceach Lováin, dioplóma ó Institut Européen des Hautes Etudes Internationales in Nice agus máistreacht sa Léann Eorpach ó Universitat Autònoma de Barcelona.
Is é Marco Conti atá mar stiúrthóir ar Institiúid Faisnéisíochta agus Teileamaitice (IIT) Chomhairle Náisiúnta Taighde na hIodáile (CNR) agus is é atá mar chathaoirleach ar chlárlann .it. Bhí sé mar shainchomhairleoir eolaíochta ar CNR don réimse TFC agus mar stiúrthóir ar roinn CNR don “Innealtóireacht, TFC agus Teicneolaíochtaí don Fhuinneamh agus don Iompar”, an roinn CNR is mó agus breis is 900 taighdeoir inti. D'fhoilsigh sé breis agus 400 alt eolaíochta, agus cúig leabhar, ar líonraí ríomhaireachta, glúin nua an Idirlín, líonraí sóisialta agus córais fhorleatacha. I mí na Samhna 2017, bhí sé san áireamh ar an liosta dar teideal “Taighdeoirí atá Luaite go hArd in 2017”, a thiomsaigh an Gréasán Eolaíochta, agus a chuimsíonn na taighdeoirí is mó a luaitear sa Ríomheolaíocht.
Is Dlíodóir Francach í Marie-Emmanuelle Haas ag Barra Pháras, a bhfuil dintiúir mhaithe agus cleachtas aici sa Dlí um Maoin Intleachtúil agus cúrsaí Idirlín. Go dtí lár na bliana 2016, bhí sí ina cathaoirleach ar choiste Idirlín ECTA. Ina theannta sin, bhí sí ina ball den IPC (Toghlach Maoine Intleachtúla) don Eagraíocht Tacaíochta um Ainmneacha Cineálacha de chuid ICANN, ag déanamh ionadaíochta ar son an ECTA. Feidhmíonn sí mar phainéalaí i gcomhair díospóidí a bhaineann le hainmneacha fearainn ag Ionad Eadrána agus Idirghabhála WIPO, Cúirt Eadrána na Seice, Ionad um Réiteach Díospóidí Ainmneacha Fearainn na hÁise agus an Fóram Náisiúnta Eadrána. Chomh maith leis sin, ó 2004 i leith, tá sí ina léachtóir ag Ollscoil Pháras I (Panthéon Sorbonne), agus Dlíthíocht Idirlín á múineadh aici. Tá mórán foilseachán faoina hainm aici agus labhraíonn sí go minic ag comhdhálacha faoin Dlí um Maoin Intleachtúil agus an Idirlín.
Aturnae is ea Delia Belciu, ball de Bharra Bhúcairist agus Aturnae Trádmhairc agus Deartha de chuid na Rómáine agus na hEorpa, a bhfuil saineolas láidir aici i réimsí cleachtais amhail Maoin Intleachtúil agus TF agus Cosaint Sonraí agus Príobháideacht ar feadh breis agus ceithre bliana déag. Suas go dtí lár 2020, bhí sí ina cathaoirleach ar choiste Idirlín ECTA agus ina ball den IPC (Toghdas Maoine Intleachtúla) d’Eagraíocht Tacaíochta na nAinmneacha Cineálacha de chuid ICANN, agus í ag déanamh ionadaíochta thar ceann ECTA. Is painéalaí UDPR í le Cúirt Eadrána na Seice.
Ina theannta sin, ó 2015 i leith, tá Delia ina léachtóir le Dlí Maoine Intleachtúla Idirnáisiúnta agus Eorpach do mhic léinn mháistreachta ó Collège Juridique Franco-Roumain d’Etudes Européennes, institiúid atá nasctha le Paris I Pantheon Sorbonne, an Fhrainc.
I measc na gcleamhnachtaí gairmiúla atá ag Delia, tá Cumann Trádmhairc na gComhphobal Eorpach (ECTA) áit a bhfuil sí ina ball de Chomhairle ECTA mar ionadaí don Rómáin.
Labhraíonn Delia ag mórán imeachtaí agus foilsíonn sí ailt ar Dhlí na Maoine Intleachtúla, ar an Idirlíon, agus ar Chosaint Sonraí agus Príobháideacht.
Bhain Marko Bonac amach céim Bhaitsiléara Eolaíochta sa mhatamaitic (1981) agus céim mháistreachta in eolaíocht ríomhaireachta (1988) ó Ollscoil Ljubljana. Idir 1981 agus 1992 d'oibrigh sé mar thaighdeoir agus mar cheannaire tionscadail i réimse na líonraí ríomhaireachta. Ó 1992 i leith tá sé ina Stiúrthóir ar Arnes, Líonra Acadúil agus Taighde na Slóivéine, atá ina chlárlann chomh maith d'fhearann barrleibhéil na Slóivéine, .si.
Tá Jakub Christoph mar Ard-Rúnaí ar CEPIS agus ITPE ó mhí Mheán Fómhair 2021 i leith. Déanann sé comhordú ar obair an dá eagraíocht chun gairmiúlacht TF a chur chun cinn agus chun caighdeáin ghairmiúla agus roinnt na taithí a chothú i measc gairmithe TF; pobal
Bhí post aige roimhe sin mar Bhainisteoir Forbartha Réigiúnach don Eoraip agus MENA in ICDL Foundation. Ina ról, bhí sé ag comhordú gníomhaíochtaí oibritheoirí ECDL/ICDL, i mbun abhcóideachta ar son litearthacht dhigiteach agus a theastasú san Eoraip agus i réigiún MENA.
Tacaíonn sé go láidir le scileanna digiteacha úsáideora agus le forbairt inniúlachta gairmiúla. Tá sé mar bhall de Ghrúpa Oibre ET2020 DELTA, ardán an Choimisiúin Eorpaigh chun inniúlacht dhigiteach san oideachas a phlé.
I measc na n-ábhair spéise ghairmiúla atá aige tá dul i ngleic leis an dealú inscne digiteach agus sóisialta chomh maith le modhanna cumarsáide nua-aimseartha.
Tá Luca Cassetti ina Stiúrthóir ar Ghnóthaí Poiblí AE ag Ecommerce Europe, an cumann Eorpach um thráchtáil dhigiteach. Le tacaíocht ón bhfoireann um ghnóthaí poiblí, tá sé freagrach as faireachán a dhéanamh ar reachtaíocht AE agus ar ghnóthaí rialaithe a théann i gcion ar earnáil na ríomhthráchtála, cuireann sé comhairle ar an gcumann maidir le dúshláin bheartais agus gníomhaíonn sé dá réir ag leibhéal AE, i ndlúthchomhar le baill an chumainn agus leis an Ard-Rúnaí. Tá sé mar chúram ar Luca straitéisí gnóthaí poiblí a fhorbairt agus a fheidhmiú chun spriocanna an chumainn maidir le beartas poiblí a bhaint amach faoi mar a bhaineann siad leis an Aontas Eorpach. Tá Iodáilis, Fraincis, agus Béarla ar a thoil ag Luca.
Tá 30 bliain de thaithí ag Piet Spiessens i gcúrsaí teileachumarsáide agus faoi láthair tá sé ag obair mar Leas-Uachtarán ar Nuálaíocht agus Forbairt Gnó do Telenet, oibritheoir teileachumarsáide de chuid na Beilge. Tá PhD sa Ríomheolaíocht aige ó Ollscoil na Bruiséile agus tá sé mar Chomhalta de Dhámh na hInnealtóireachta ansin freisin. Tá an tUasal Piet Spiessens ina chomhalta de Bhord DNS na Beilge agus ina iar-Chathaoirleach air, ceann de bhunaitheoirí EURid. Ina theannta sin, tá sé ina Leaschathaoirleach ar ISPA na Beilge agus ina Chomhalta Boird Comhairleach de FITCE.
Is innealtóir teileachumarsáide é Franck Thomas a bhí ina chomhairleoir polaitíochta ina dhiaidh sin, agus tá saineolas aige sa mhargaíocht dhigiteach, na meáin chumarsáide, teileachumarsáid agus cibearshlándáil. Tá taithí phraiticiúil ag Franck i gcabhair dhaonnúil agus i gcosaint shibhialta ag an gCoimisiún Eorpach agus tá meascán uathúil de shaineolas teicniúil agus de léargas polasaí aige. Ag IAB Europe, tá sé ag plé le clár digiteach AE, ag múnlú an pholasaí maidir le fógraíocht dhigiteach agus rialáil chun riachtanais na tionsclaíochta agus na riachtanais sin ag forbairt, a shásamh.
Foireann Bainistíochta
Cuimsíonn foireann bainistíochta EURid ochtar Bainisteoirí atá á rialú ag Bord EURid agus a threoraíonn foirne Teicniúla, Dlíthiúla, Airgeadais, Nuálaíochta, Slándála, Acmhainní Daonna agus Caidrimh Sheachtraigh EURid.
Sular tháinig Peter Janssen chuig EURid bhí sé mar stiúrthóir teicniúil do chlárlann na Beilge .be. Bhí sé freagrach as léirscaoileadh an fhearainn i mí na Nollag 2000. Tá céim mháistreachta aige in eolaíocht ríomhaireachta ó Ollscoil Leuven.
Sula ndeachaigh sé le EURid in Aibreán na bliana 2015, d'oibrigh Juan Carlos Munguia Coca mar Bhainisteoir Airgeadais agus Cuntasaíochta i nGnóthais Bheaga agus Mheánmhéide agus i gcuideachtaí móra mar Serco Belgium agus Carpenter Technology. Tá céim bhaitsiléara aige sa Chuntasaíocht.
Hans Seeuws ingħaqad ma’ EURid fl-2022, u ġab miegħu ’l fuq minn 20 sena esperjenza ta’ tmexxija fil-qasam tal-industrija tal-IT, tal-gvern u tal-media. Huwa għandu esperjenza imgħoddija soda li tistabbilixxi u tesegwixxi b’suċċess strateġiji fi swieq li qed jevolvu malajr u tibni u tħarreġ timijiet biex jikseb għanijiet organizzattivi u tmexxi t-tkabbir ġenerali.
Id-dipartiment tal-Operazzjonijiet tan-Negozju jissorvelja l-aspetti kummerċjali, ir-relazzjonijiet industrijali, u l-kummerċjalizzazzjoni u l-komunikazzjonijiet. Hans għandu lawrja ta’ Master fil-Kummerċ Amministrattiv mill-ESCP Europe u lawrja tal-Baċellerat fl-Immaniġġjar tal-Komunikazzjoni.
Tháinig Geo Van Langenhove go EURid mar Bhainisteoir Dlí i mí Eanáir 2011. Roimhe sin, d'oibrigh sé le cuideachtaí i réimsí éagsúla teicneolaíochta, leithéidí Nuance Communications, EuroFiber agus IMEC, áit ar dhírigh a chleachtas ar mhaoin intleachtúil, ar chonarthaí agus ar dhlíthíocht. Bhain sé céim amach ó Choláiste an Dlí, Ollscoileanna na Bruiséile agus Leuven. Tá céim mháistreachta aige i gcearta maoin intleachtúil ó Ollscoil na Bruiséile.
Bhí go leor róil éagsúla Acmhainní Daonna ag Els Verstappen ag Scarlet, cuideachta theileachumarsáide, sular tháinig sí go EURid. Sa phost is déanaí, agus í ina Comhairleoir Gnó um Acmhainní Daonna, bhí sí freagrach as tacaíocht Acmhainní Daonna le haghaidh bainistíocht líne, roghnúcháin agus earcaíochta, i measc nithe eile. Sular oibrigh sí le Scarlet, bhí sí fostaithe ag KPN Belgium agus ag eagraíocht neamhrialtasach Eorpach.
Sular ghlac sé leis an ról mar Bhainisteoir Slándála, chuaigh Dirk Jumpertz chuig EURid chun oibríochtaí agus bainistiú córas a mhaoirsiú. Roimhe sin, d’oibrigh sé i mbainistiú TF agus i gcomhairliú córas ag roinnt eagraíochta éagsúla, lena n-áirítear Scarlet agus Atos. Is céimí é le céim mháistreachta san Innealtóireacht Thionsclaíoch ó Ollscoil Iarthar Fhlóndras.
D'oibrigh Jordi Iparraguirre roimhe seo mar bhainisteoir ginearálta ar an eagraíocht neamh-bhrabúis a bhainistíonn an fearann .cat (2006-2013). Roimhe sin, bhí róil theicniúla agus feidhmiúcháin éagsúla aige ag Hewlett Packard. Tá céim mháistreachta aige sa ríomheolaíocht ó Universitat Autònoma de Barcelona agus MBA ó scoil ghnó ESADE.
Sular tháinig sé go dtí EURid, bhí Nathan Meurrens ina Bhainisteoir ar Ailtireacht Dhigiteach do NTT-DATA sa Bheilg. Tá athruithe digiteacha déanta ag Nathan in eagraíochtaí príobháideacha, poiblí agus neamhrialtasacha. Ina theannta sin, bhunaigh sé agus bhí sé ina Phríomhoifigeach Teicniúil ar ghnólacht nuathionscanta Seineagálach um fhorbairt bogearraí agus seirbhísí. Bhí sé ina stiúrthóir feidhmiúcháin freisin ar sholáthraí seirbhíse gréasáin agus idirlín seachbhrabúsach sa Bheilg.
Bord Comhairleach na gCláraitheoirí
Cuireann Bord Comhairleach na gCláraitheoirí comhairle ar EURid maidir le ceisteanna a bhaineann le gnó agus maidir le ceisteanna a bhaineann le pobal cláraitheoirí EURid. Cuimsíonn an Bord Comhairleach ionadaithe as naoi gcinn de chláraitheoirí creidiúnaithe EURid as naoi gcinn de thíortha éagsúla agus tagann siad le chéile faoi dhó sa bhliain.
An Coiste Óige
Cuimsíonn an Coiste Óige ionadaithe cáilithe agus ardoilte thar ceann daoine óga a bhfuil roinnt eolais faighte acu cheana féin ar chreataí rialachais Idirlín. Is í Megan Richards an Comhairleoir Sinsearach don Choiste Óige agus is iad João Martins, Nadia Tjahja, Stefanie Efstathiou, Charalampos Kyritsis and Paulo Glowacki na baill. Tá tuilleadh eolais ig Cairt an Choiste maidir le ról agus modh oibre an Choiste.